Údarás na Gaeltachta & CREW

Údarás na Gaeltachta agus CREW i gcomhpháirt le clár sa bhFiontraíocht Chruthaitheach agus Forbairt Fiontraíochta a thairiscint do lucht cruthaitheach na Gaeltachta

10 Samhain, 2022

nóiméad léite

NO REPRODUCTION FEE CREW in partnership with GMIT launch CREW LABS, a new incubator programme in Creative Entrepreneurship and Enterprise Development to target early-stage Creative Digital Entrepreneurs. Pictured are Alan Esslemont Director General, TG4, Colin O Reilly Mountmellick Co Laois, Artist in Residence of the Teca Collective GMIT Creative Arts Faculty and Dr Paddy Tobin CREW Board Member, Head of School Design and Creative Arts GMIT. Photo: Ray Ryan

Tá Údarás na Gaeltachta ag dul i gcomhpháirt arís i mbliana le CREW (Creative Enterprises West) le Teastas Iarchéime i bhFiontraíocht Chruthaitheach agus Forbairt Fiontraíochta a thairiscint do dhaoine a bhfuil suim acu san earnáil chruthaitheach san iarthar. Tá an cháilíocht chreidiúnaithe seo á reáchtáil ag CREW i gcomhair le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh.

Tá sé mar aidhm ag an gclár gorlainne CEED (Creative Entrepreneurship and Enterprise Development) cúnamh a thabhairt do na rannpháirtithe an próiseas túschéime gnó a éascú, agus cuidiú leo smaoineamh cruthaitheach a iompú ina ghnó rathúil, i réimse leathan disciplíní (Teilifís & Scannán, Léiriú Fíorúil, Anamú, Cruthú Ábhair Digiteach, Teicneolaíochtaí Tumthach, Dearadh Digiteach, Teicneolaíochtaí Cruthaitheacha agus go leor eile). Níl aon chostas ar an gcúrsa.

Bhí ionadaíocht shuntasach ag rannpháirtithe Gaeltachta ar an gclár píolótach anuraidh; tá súil ag CREW agus ag an Údarás go meallfar buíon láidir rannpháirtithe Gaeltachta le bheith mar chuid den chlár arís. Tá sé mar aidhm ag an gclár seo fiontraithe cruthaitheacha a chumasú, agus inspioráid agus misneach a thabhairt dóibh a bhfís a thabhairt céim eile chun cinn.

Clár meascaithe foghlamtha páirtaimseartha 15 seachtainí atá i gceist, ó Eanáir - Márta 2023. Beidh cuid den chlár á theagasc ar-líne agus cuid de á theagasc ar Champas Ollscoil Theicneolaíochta an Atlantaigh ag Cluain Mhuire. Cuirfear spás ar fáil do na rannpháirtithe Gaeltachta ina Gteic áitiúil mar chuid den éascú a bheas á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta ar sheachadadh an chúrsa. Beidh saineolaithe ón nGaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht ag roinnt a gcuid eolais agus a dtaithí agus ag déanamh meantóireacht ar na rannpháirtithe.

Dúirt Niamh Costello, príomhfheidhmeannach CREW

“Tá an clár seo ag tarraingt ar thraidisiúin sainiúla an iarthair, agus ag cur na scileanna agus na léargais ar fáil do chomhlachtaí luathchéime san earnáil chruthaitheach digiteach agus teicneolaíochta le gur féidir leo a gcuid smaointe a fhorbairt. Is fada an lá cáil na cruthaitheachta ar réigiún an iarthair. Beidh an clár gorlainne seo a tacú le fiontraithe cruthaitheacha, ag tógáil ar an traidisiún sin, agus ag éascú dul chun cinn san earnáil.”

 

Dúirt Miriam Ní Néill, feidhmeannach le hÚdarás na Gaeltachta agus ball de bhord CREW

“Tugann an clár gorlainne seo deis d’fhiontraithe cruthaitheacha scrúdú níos géire a dhéanamh ar an gcoincheap gnó atá acu agus deis foghlamtha óna gcomh rannpháirtithe agus ó shaineolaithe i réimse na cruthaitheachta agus na fiontraíochta, deis iontach nár cheart a chailleadh!''

Is féidir iarratas a dhéanamh agus breis eolais a fháil ag www.crewdigital.ie