Cruinniú Boird, Oireachtas na Samhna

7 Samhain, 2022

nóiméad léite

Ag cruinniú míosúil bhord Údarás na Gaeltachta, a tionóladh inniu ag Oireachtas na Samhna,  ceadaíodh maoiniú do réimse leathan tograí Gaeltachta. Le linn an chruinnithe freisin, pléadh an próiseas pleanála teanga agus bealaigh le tacaíocht agus cúnamh a thabhairt do na hoifigigh pleanála teanga agus do na ceann-eagraíochtaí atá á bhfostú.  Tugadh moladh don obair atá á  dhéanamh ag na hoifigigh pleanála teanga agus na hoifigigh pleanála teanga cúnta, agus léirigh comhaltaí as gach réigiún Gaeltachta sástacht le cumas na n-oifigeach pleanála teanga atá fostaithe agus an tionchar dearfach atá siad a imirt ar chúrsaí teanga sna limistéir ina bhfuil siad ag feidhmiú.

Ba é seo an chéad uair gur tháinig an bord le chéile ag Oireachtas na Samhna ó bhí an tOireachtas ar bun go deireadh i 2019.

 

Ag labhairt di tar éis an chruinnithe, dúirt cathaoirleach an bhoird, Anna Ní Ghallachair,

“Tá an-lúcháir orm gur féidir le muintir na Gaeilge agus na Gaeltachta teacht le chéile arís ag Oireachtas na Gaeilge, féile mhór na nGael. Tréaslaím leis an Oireachtas as an bhféile den scoth atá curtha ar siúl arís i mbliana acu; tá an-bhród orm go raibh ar chumas Údarás na Gaeltachta tacú leo an ócáid seo a  reáchtáil agus gúim gach rath agus deireadh seachtaine ar dóigh ar gach duine atá ag freastal ar imeachtaí éagsúla na féile.”