Fáilte curtha roimh Úinéirí nua ar Innill Dóiteáin Teoranta sa Spidéal

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte roimh an bhfógra atá déanta ag a gcliantchomhlacht, Innill Dóiteáin Teoranta sa Spidéal i gConamara, go bhfuil úinéirí nua ar an gcomhlacht agus iad ceannaithe ag Innovative Gas Products Ltd, comhlacht príobháideach atá lonnaithe i Sasana a fhorbraíonn táirgí déanta as miotail chomh maith le téitheoirí gáis agus bith-eatánóil.

10 Deireadh Fómhair, 2022

nóiméad léite

Is custaiméirí de chuid Innill Dóiteáin Teoranta iad Innovative Gas Products Ltd. le blianta fada agus de bharr feabhas oibre an chomhlachta déantúsaíochta Gaeltachta tá siad ceannaithe acu chun tacú leo díriú ar mhargadh na hEorpa agus a dhul i ngleic leis na dúshláin easpórtála atá á chruthú ag an mBreatimeacht dóibh.

 

Tá sé tugtha le fios ag úinéirí nua Innill Dóiteáin Teoranta go leanfaidh siad ag trádáil agus ag feidhmiú mar atá, go bhfuil an fhostaíocht reatha sa gcomhlacht slán agus go bhfuil súil acu infheistíocht, fás agus forbairt a dhéanamh sa gcomhlacht sna blianta atá amach romhainn. 

 

Clianchomhlacht seanbhunaithe de chuid Údarás na Gaeltachta iad Innill Dóiteáin Teo. atá i mbun déantúsaíochta agus soláthar ar réimse leathan táirgí agus frámaí miotail do chomhlachtaí ón tionscail leictreonach agus feiste leighis in Éirinn agus san Eoraip. Tá siad lonnaithe agus ag cruthú fostaíochta sa Spidéal ó 1983 agus os cionn 25 duine fostaithe acu faoi láthair.

 

 

 

“Cuireann muid fáilte roimh an bhfógra atá déanta ag Innill Dóiteáin Teo. inniu a léiríonn deis fáis agus forbartha don gcomhlacht seanbhunaithe seo. Tá obair mhór déanta ag an gcomhlacht agus a bhfoireann le blianta fada anuas agus cuirfidh muid fáilte roimh an deis leanacht ag tacú leis an gcomhlacht agus na húinéirí nua an comhlacht a fhás agus a fhorbairt agus tuilleadh fostaíochta a chruthú sa nGaeltacht.”

Sinéad Ní Fhatharta, Ceannasaí Fiontraíochta agus Fostaíochta, Údarás na Gaeltachta

Tá aithne na mblianta againn ar IGP Limited mar chustaiméirí agus táimid ag súil go mór le leanacht leis an obair den scoth atá déanta ag an bhfoireann anseo chun an comhlacht a fhás. Tá muid anseo le ceathracha bliain agus is cúis mhór sásaimh dúinn é a bheith in ann tús nua agus tuilleadh fáis agus forbartha a dhéanamh anois agus tuilleadh fostaíochta a chur ar fáil sa nGaeltacht.  Fiú agus cúrsaí dúshlánach faoi láthair is deis dúinn é a bheith muiníneach go mbeidh infheistíocht á dhéanamh sa gcomhlacht sna blianta romhainn.

Marian Ní Nuadháin, Innill Dóiteáin Teoranta

Tá áthas orainn a bheith ag cur dlús leis an ngaol agus an comhoibriú fadbhunaithe atá againn le Innill Dóiteáin Teoranta. Tá súil againn an comhlacht a fhás agus a fhorbairt sna blianta amach romhainn agus súil againn an láthair sa Spidéal a úsáid chun díriú ar mhargaí na hEorpa lenár dtáirgí.

Joshef Hacohen, Príomhfheidhmeannach IGP Ltd.