Comhbhrón ó chroí lenár bpobal ar an Chraoslach agus sa cheantar mórthimpeall

Déanann Bord agus foireann Údarás na Gaeltachta ár gcomhbhrón ó chroí lenár bpobal ar an Chraoslach agus sa cheantar mórthimpeall as an tubaiste mhillteanach a bhain don bhaile Dé hAoine seo caite.

10 Deireadh Fómhair, 2022

nóiméad léite

Smaoiníonn muid go háirithe ar na daoine uilig a cailleadh agus ar a muintir agus a gcairde. Smaoiníonn muid fosta orthu siúd atá san ospidéal agus guíonn muid go dtiocfaidh siad slán abhaile. Gabhann muid buíochas ó chroí leis na seirbhísí éigeandála agus le achan uile dhuine a chuidigh leis an tarrtháil. Tá comaoin curtha acu orainn uilig.

Cuirfear leabhair chomhbhróin ar fáil le síniú in oifigí an Údaráis.

 

 

Anna Ní Ghallachair

Cathaoirleach

 

Colm Ó Coisdealbha

Príomhfheidhmeannach Gníomhach