Beart nua á thabhairt isteach le cuidiú le comhlachtaí a bhfuil deacrachtaí acu mar gheall ar an ngéarchéim fuinnimh atá cruthaithe ag an gcogadh san Úcráin.
Tá Údarás na Gaeltachta ag cur fáilte inniu roimh an fhógra a rinneadh sa mBuiséad, go mbeidh beart nua á thabhairt isteach, le cabhrú le comhlachtaí a bhfuil deacrachtaí acu mar gheall ar an ngéarchéim fuinnimh atá cruthaithe ag an gcogadh san Úcráin. Is í an aidhm atá ag scéim ná cúnamh a thabhairt do chomhlachtaí a bhfuil éileamh ard fuinnimh acu, agus a bhfuil laghdú 15% ar a laghad ar a mbarrachas oibriúcháin (EBITDA) i 2022 i gcomparáid le 2021, mar thoradh díreach ar an ardú ar phraghas fuinnimh, seachas ar aon ghné eile den slabhra soláthair nó boilsciú.
Beidh idir €20, 000 agus 2 mhilliún euro ar fáil do chomhlachtaí agus beidh sé mar choinníoll go mbeadh plean éifeachtúlachta fuinnimh ag an gcomhlacht, a léiríonn go mbeidh an gnó ag dul i dtreo leibhéal níos éifeachtaigh úsáide fuinnimh.
Is iad Fiontraíocht Éireann, an tÚdarás Forbartha Tionsclaíoch agus Údarás na Gaeltachta a bheas ag riaradh na scéime seo, scéim a bheas ina fhaoiseamh agus ina chúnamh mór do chomhlachtaí Gaeltachta atá ag streachailt le costais arda fuinnimh faoi láthair.