Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh scéim nua chun tacú le gnólachtaí atá ag strachailt le costais bhreise fuinnimh, mar gheall ar impleachtaí an chogaidh san Úcráin

29 September, 2022

min read

Tá Údarás na Gaeltachta ag cur fáilte inniu roimh an fhógra a rinneadh sa mBuiséad, go mbeidh beart nua á thabhairt isteach, le cabhrú le comhlachtaí a bhfuil deacrachtaí acu mar gheall ar an ngéarchéim fuinnimh atá cruthaithe ag an gcogadh san Úcráin. Is í an aidhm atá ag scéim ná cúnamh a thabhairt do chomhlachtaí a bhfuil éileamh ard fuinnimh acu, agus a bhfuil laghdú 15% ar a laghad ar a mbarrachas oibriúcháin (EBITDA) i 2022 i gcomparáid le 2021, mar thoradh díreach ar an ardú ar phraghas fuinnimh, seachas ar aon ghné eile den slabhra soláthair nó boilsciú.

Beidh idir €20, 000 agus 2 mhilliún euro ar fáil do chomhlachtaí agus beidh sé mar choinníoll go mbeadh plean éifeachtúlachta fuinnimh ag an gcomhlacht, a léiríonn go mbeidh an gnó ag dul i dtreo leibhéal níos éifeachtaigh úsáide fuinnimh.

Is iad Fiontraíocht Éireann, an tÚdarás Forbartha Tionsclaíoch agus Údarás na Gaeltachta a bheas ag riaradh na scéime seo, scéim a bheas ina fhaoiseamh agus ina chúnamh mór do chomhlachtaí Gaeltachta atá ag streachailt le costais arda fuinnimh faoi láthair.