Údarás na Gaeltachta ag tréaslú le Comhairle Ceantar na nOileán as an aitheantas atá faighte ag an Lár Ionad Iarfheistithe atá á fhorbairt acu i gCasla

Comhghairdeas le Comhairle Ceantar na nOileán, a bhfuil maoiniú bronnta orthu

22 Meán Fómhair, 2022

nóiméad léite

Group holding An Ghaeltacht Glas signage

Ba mhaith le Údarás na Gaeltachta tréaslú le Comhairle Ceantar na nOileán, a bhfuil maoiniú bronnta orthu faoi Chiste Mhórthionscadal Pháirc Ghaoithe na Gaillimhe, as a dTionscadal le haghaidh Lárionad Iarfheistithe a lonnú ar Pháirc Ghnó Chasla.

Tá deontas iomlán €110,000 á bhronnadh ag Páirc Ghaoithe na Gaillimhe agus a comhpháirtithe, SSE Renewables agus Greencoat Renewables ar an togra, a bhfuil tacaíocht aige ó Údarás na Gaeltachta.

Beidh lárionad oideachais agus oiliúna mar chuide den Lárionad Iarfheistithe agus cuirfear eolas ar fáil ann d’úinéirí tí faoi thionscnaimh ísealcharbóin.

Beidh cursaí á gcur ar fáil freisin do chonraitheoirí agus d’fhir oibre i dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn i réimse an aisfheistithe, ar nós Painéil Ghréine, insliú ballaí seachtracha, Aerú agus deimhniú NZEB (foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh),  le cáilíochtaí a bhfuil aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta acu.

Inniu ghlac Máirín Uí Ráinne, Oifigeach Forbartha, Comhairle Ceantar na nOileán buíochas le Údarás na Gaeltachta as a dtacaíocht don togra. Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga le Údarás na Gaeltachta “Is iontach go bhfuil an t-aitheantas seo faighte ag an obair cheannródaíoch atá á dhéanamh ag Comhairle Ceantar na nOileán i réimse an gheilleagair ghlais. Tá an togra seo ag teacht go hiomlán le aidhmeanna an Údaráis don Ghaeltacht Ghlas: forbairt inbhuanaithe an gheilleagair ghlais sna ceantair Ghaeltachta, atá ar cheann de na príomhspriocanna a leagtar síos i bPlean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2021-2025. Tá súil againn leanacht leis an gcomhoibriú idir muid féin agus Comhairle Ceantar na nOileán sna chéad chéimeanna eile den togra fiúntach seo.”