Bailiúchán nua éadaí agus uirlis nua díolacháin forbartha ag Aran Woollen Mills, atá ag fás agus ag forbairt i nGaeltacht Mhaigh Eo

Aran Woollen Mills i Maigh Eo ag déanamh seoladh oifigiúil ar a gcéad bhailiuchán éadaigh faoin mbranda féin

22 Meán Fómhair, 2022

nóiméad léite

Inniu atá an comhlacht cniotála Aran Woollen Mills i Maigh Eo ag déanamh seoladh oifigiúil ar a gcéad bhailiuchán éadaigh faoin mbranda féin, chomh maith le suíomh nua gréasáin e-thráchtála an chomhlachta, a chuirfidh ar a gcumas díol ar-líne le custaiméirí in Éirinn agus thar lear. Seo iad na forbairtí is déanaigh ó chomhlacht a bunaíodh i gCathair na Mart, ach atá ag fás agus ag cruthú fostaíochta go leanúnach i nGaeltacht Mhaigh Eo. Anuraidh a hosclaíodh aonad nua déantúsaíochta i gceantar Bhéal a’ Mhuirthead agus tá súil go mbeidh an dara monarcha oscailte faoi dheireadh na bliana seo agus 50 post nua cruthaithe faoi 2023.

Dúirt duine de úinearaí an chomhlachta Vincent Hughes

“Ní féidir luach a chur ar an tacaíocht a fuair muid ó mhuintir na háite i mBéal a Mhuirthead. Murach leithéide Údarás na Gaeltachta, a d’oibrigh go dlúth linn le go bhféadfadh muid cur lenár gcuid táirgiúlachta sa gceantar seo, bheadh an t-achar a thógfadh se orainn an fhorbairt seo a chur i gcrích i bhfad níos faide. Mar bhranda, tá an-fhonn orainn an oidhreacht shainiúil, an caighdeán agus an dea-ábhar inmharthana a úsáidtear inár gcuid éadaí a chur chun chinn, agus táirge den scoth a chur ar fáil do chustaiméirí an lae inniu, sa mbaile agus thar sáile."

Ta súil againn ár ngnó a thabhairt chuig an gcéad leibhéal eile agus go bhfeicfear geansaithe Aran Woollen Mills mar chuid den saol comhaimseartha. Tá i bhfad níos mó i gceist leis na hearraí cniotáilte seo ná táirge turasóireachta, agus tá muid ag iarraidh cabhrú lenar gcustaiméirí na buntáistí bhaineann le earraí cniotáilte a chur ar taispeáint ar an ardán idirnáisiúnta.

Dúirt Seán Ó Coisdealbha, bainisteoir réigiúnach an iarthair do Údarás na Gaeltachta “Is iontach an dul chun cinn atá déanta agus á dhéanamh ag an gcomhlacht Aran Woollen Mills agus tá an-bhorradh á chur acu faoi chúrsaí fostaíochta i gceantar Bhéal a Mhuirthead faoi láthair. Is mór an údar sásaimh do Údarás na Gaeltachta go bhfuil ar ár gcumas tacú leo sna forbairtí atá idir lámha acu agus tá muid meáite ar leanacht leis an gcomhoibriú eadrainn."