Toscaireacht ó Chorca Dhuibhne ag freastal ar an Big E i West Springfield, Massachusetts

Déantúsóirí & Lucht ceirde na Gaeltachta ag déanamh a mbealach chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá an deireadh seachtaine seo do Aonach Trádála an Big E

19 Meán Fómhair, 2022

nóiméad léite

Tá an-ríméad ar Údarás na Gaeltachta go mbeidh roinnt de na déantúsóirí agus den lucht ceirde Gaeltachta is iomráitigh sa tír ar an toscaireacht a bheas ag déanamh a mbealach chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá an deireadh seachtaine seo do Aonach Trádála an Big E, an tríú aonach trádála is mó i Meiriceá. Bíonn breis agus milliún go leith duine ag freastal ar an ócáid, a bhíonn ar bun ar feadh seacht lá dhéag i mí Mheán Fómhair – i 2019, áirítear gur thug suas le 700,000 duine cuairt ar Thaispeántas Leithinis an Daingin, áit a mbíonn réimse gnólachtaí as leithinis Chorca Dhuibhne agus as West Springfield, Massachusetts ag cur a gcuid táirgí ar taispeántas.

Reáchtáiltear an Big E i West Springfield Massachusetts , baile a bhfuil ceangal stairiúil aige le Corca Dhuibhne de bharr an oiread as iarthar Dhuibhneach a chuaigh ar imirce go Springfield.

I measc na ndreamanna a bheas i láthair ag an Aonach i mbliana, beidh an seodóir Brian de Staic, Potadóireacht na Caolóige le Louis Mulcahy, Lisbeth Mulcahy, a bhfuil cáil ar a saothar fíodóireachta, Criostal an Daingin agus Drioglann na Daingin.

Beidh gné cultúrtha ar leith le cuairt na toscaireachta i mbliana freisin - beidh Jamie Ó Flannúra ag taisteal anonn mar ambasadóir cultúrtha agus Gaolainne le Comhaontas Turasóireachta Chorca Dhuibhne, agus é ag tabhairt blaiseadh den Ghaeilge agus den damhsa gaelach don dream thall.

Dúirt Dónal Ó Liatháin Bainisteoir Oifig Réigiúnach & Forbartha Pobail an Deiscirt do Údarás na Gaeltachta “Is iontach go bhfuil ar chumas toscaireacht as Corca Dhuibhne a bheith i láthair arís ag an Big E; tuigeann an tÚdarás go bhfuil tábhacht ar leith le ócáidí den tsaghas seo, le daingniú agus neartú a dhéanamh ar na nascanna tábhachtacha cultúrtha, eacnamúla, sóisialta agus turasóireachta idir an Ghaeltacht agus Diaspóra na Gaeltachta i Stáit Aontaithe Mheiriceá.