Comhdháil AER ag teacht chuig Gaeltacht Dhún na nGall

Mícheál Ó hÉanaigh ar dhuine den dream a bheidh ag caint inniu ag searmanas oscailte Acadamh Samhraidh AER

30 Lúnasa, 2022

nóiméad léite

Assembly of European Regions conference ATU Letterkenny on the 30th August 2022. Photo -Clive Wasson

Beidh príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta agus leas-uachtarán Thionól na Reigiún san Eoraip, Mícheál Ó hÉanaigh, ar dhuine den dream a bheidh ag caint inniu ag searmanas oscailte Acadamh Samhraidh AER, an chomhdháil de chuid Thionól na Réigiún san Eoraip atá á óstáil ag Údarás na Gaeltachta agus ag Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhpháirt lena chéile i nDún na nGall an tseachtain seo.

Beidh cathaoirleach an Údaráis, Anna Ní Ghallachair ag glacadh páirt sa gcéad díospóireacht den chomhdháil, in éineacht le príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John McLaughlin, Rune Fredriksen, Uachtarán Acadaimh AER agus Natasha O’ Hea ó Catalyst, comhlacht a chuidíonn le fiontraithe óga.

Cé go mbeidh plé á dhéanamh ar cheisteanna idirnáisiúnta go leor in imeacht na seachtaine, beidh blas láidir na Gaeltachta ar roinnt de na díospóireachtaí,  agus leithéidí an cheoltóra Mairéad Ní Mhaonaigh, agus an tOllamh Finbarr Bradley páirteach sa bplé.

Tá tús á chur leis na himeachtaí inniu i Leitir Ceanainn, ach beidh na toscairí ag caitheamh an lae Déardaoin i nGaeltacht Dhún na nGall agus ceardlanna á reáchtáil ar an lá sin sa gteic ar Pháirc Thionsclaíoch Ghaoth Dobhair, sula gcuirfidh an tAire Stáit Gaeltachta, Jack Chambers T.D.,  clabhsúr leis an ócáid tráthnóna Déardaoin.

Ag caint faoin gcomhdháil, atá dírithe go sonrach i mbliana ar an nglúin óg agus atá á reáchtáil in Éirinn don chéad uair riamh, dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, a bhfuil freagracht ar leith air do chúrsa Óige, Cultúir agus Turasóireachta ina ról mar leas uachtarán ar AER:

“Is iontach an rud é gur anseo a socraíodh an chéad Acadamh Samhraidh iarChovid de chuid AER a reáchtáil, gréasán tábhachtach de réigiúin éagsúla a shíneann ó iarthar na hÉireann soir go dtí an Úcráin agus ón gciorcal Artach sa Tuaisceart síos go dtí an Tuirc. Agus cuireann sé fíor-áthas orm freisin gur sa nGaeltacht a bheas muid ag teacht le chéile chun deireadh a chur leis ócáid fíor-speisialta seo.”