An Ghaeltacht an chéad réigiún in Éirinn ag glacadh páirt i gclár Eorpach traenála & fostaíochta idir-réigiúnach, Eurodyssey

Beidh an Ghaeltacht ar an gcéad réigiún in Éirinn le páirt a ghlacadh sa gclár Eorpach, Eurodyssey

30 Lúnasa, 2022

nóiméad léite

Image of Errigal
Errigal

Ar maidin inniu a fógraíodh go mbeidh an Ghaeltacht ar an gcéad réigiún in Éirinn le páirt a ghlacadh sa gclár Eorpach, Eurodyssey, an t-aon chlár réigiúnach traenála agus fostaíochta san Eoraip.

Ba e príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta a rinne an fógra agus é ag tabhairt na hóráide ag oscailt na comhdhála AER, Tionól na Réigiún san Eoraip,  ar maidin inniu i Leitir Ceanainn.

 

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, leas-uachtarán AER a bhfuil freagracht ar leith aige as an Óige, Cultúr agus Turasóireacht go mba pribhléid mhór dó é an fógra seo a dhéanamh

“Beidh an Ghaeltacht ag fáiltiú roimh suas le 30 duine óg i mbun traenála as chuile chearn den Eoraip agus beidh sé de cheart ag daoine óga as an nGaeltacht iarratas a dhéanamh ar dheiseanna traenála sna 18 réigiún atá ina mbaill de Eurodyssey. Cuirfidh an bhallraíocht seo in Eurodyssey ar ár gcumas nascanna a dhaingniú lenár bpáirtnéirí ar fud na hEorpa, nascanna nua a chruthú taobh istigh den ghréasán, agus deiseanna iontacha saoil a thabhairt do na daoine óga a ghlacfaidh páirt."

 

“Ó 1984 ta cabhair tugtha ag Eurodyssey do bhreis agus 10,000 duine óg áiteacha a fháil ar chúrsaí traenála den chéad scoth - tugann na deiseanna traenála seo an neamhspleáchas do dhaoine óga, a thagann lena rannpháirtíocht san saol oibre, agus tugann sé cúnamh dóibh an t-athrú a dhéanamh ó shaol an oideachais go saol na fostaíochta – tagann siad abhaile chuig a gcuid réigiún féin agus taithí agus smaointe idirnáisiúnta faighte acu, maraon le scileanna nua caidrimh daonna agus teanga, a chumasóidh forbairt eacnamúil agus fiontraíochta ina gcuid réigiún dhúchais. “