An tAire Stáit Gaeltachta ag seoladh trí thogra de chuid Údarás na Gaeltachta le linn chamchuairt Samhraidh ar Chonamara, Dúiche Sheoigheach agus Árainn

Jack Chambers, T.D. ag déanamh oscailt oifigiúil ar dhá gteic & Togra Fotavoltach Chomharchumann Pobail Mhic Dara

9 Lúnasa, 2022

nóiméad léite

Ag deireadh na seachtaine seo, beidh Príomh-Aoire an rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers, T.D. ag déanamh oscailt oifigiúil ar dhá gteic de chuid Údarás na Gaeltachta le linn turais ar thograí i gConamara, i nDúiche Sheoigheach agus in Árainn.

 

Beidh an t-aire stáit ag cur tús lena chuairt tráthnóna Déardaoin, nuair a dhéanfaidh sé an oscailt oifigiúil ar gteic Chorr na Móna. Tá an gteic seo, atá á bhainistiú ag Comharchumann Forbartha Dhúiche Sheoigheach, ar an tríú gteic is fiche atá tugtha chun críche ag an Údarás, mar chuid den ghréasán de bhreis agus 30 mol digiteach atá a bhforbairt acu ar fud na Gaeltachta, ag éascú cian-oibriú agus ag cumasú fiontraíochta sa nGaeltacht.

Maidin Dé hAoine, beidh an tAire Stáit ag tabhairt a aghaidh ar cheantar Iorras Aithneach agus ar Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna, go bhfeicfidh se an obair atá idir lámha san Ionad agus go bhfaighidh sé léargas ar na forbairtí atá ar intinn ag Coiste an Ionaid a dhéanamh amach anseo, ina measc, Ionad Míniúcháin agus Gairdín na nImirceach.

 

Beidh sé ag déanamh a bhealach as sin go dtí an Cheathrú Rua go ndéanfaidh sé oscailt oifigiúil ar Thogra Fotavoltach Chomharchumann Pobail Mhic Dara, atá mar chuid de Phlean Gníomhíochta Fuinnimh Inathnuaite an Chomharchumainn, togra nuálaíoch agus ceannródaíoch, atá á fhorbairt ag an gComharchumann, i dtaca le Údarás na Gaeltachta agus an clár LEADER, tríd Fóram Chonamara CLG.

Beidh an tAire Stáit Chambers ag críochnú na camchuairte le turas go hInis Mór, Árainn, go ndéanfaidh sé an oscailt oifigiúil ar gteic Árann, atá a bhainistiú ag Comharchumann Forbartha Árann, atá ar an dara mol digiteach ar oileáin Árann agus mol digiteach anois ar Inis Meáin agus ar Inis Mór.