Cead pleanála á lorg ag Údarás na Gaeltachta do dhrioglann Fuisce i gCarna, Co. na Gaillimhe

Plean le drioglann Fuisce, Siopa Earraí, Caife, Beár Blaiseadh agus Ionad Oidhreachta a fhorbairt

28 Iúil, 2022

nóiméad léite

Barrels of Crolly Distillery Whiskey
Barrels of Crolly Distillery Whiskey

Tá sé fógraithe ag  Údarás na Gaeltachta go bhfuil siad le cead pleanála a lorg ó Chomhairle Contae na Gaillimhe le Drioglann Fuisce, Siopa Earraí, Caife, Beár Blaiseadh, Ionad Oidhreachta,  ar son Drioglann Iarthar na Gaillimhe Teoranta ag Páirc Ghnó Charna, Roisín na Maithniach, Co. na Gaillimhe.

Deir an tÚdarás go bhfuil súil acu go gcuirfidh an t-ionad nua atá beartaithe go mór le hacmhainn turasóireachta an cheantair agus go gcuirfidh sé ar chumas lucht forbartha na drioglainne táirge den chéad scoth agus ionad tarraingteach turasóireachta a chur ar fáil i gceantar Iorras Aithneach. Cuirfidh se go mór le mealltacht an cheantair do chuairteoirí agus beidh sé ina áis freisin do phobal an cheantair.