Tréaslaíonn Údarás na Gaeltachta le Iontaobhas Uí Chadhain & dealbh de Mháirtín Ó Chadhain nochtaithe go hoifigiúil

Aitheantas agus omós á fháil go poiblí ag duine de mhórscríobhneoirí na Gaeilge

25 Iúil, 2022

nóiméad léite

Ba mhaith le Údarás na Gaeltachta tréaslú le Iontaobhas Uí Chadhain agus le pobal an Spidéil, agus an dealbh de Mháirtín Ó Cadhain le nochtadh sa Spidéal an deireadh seachtaine seo thart.

Tá Údarás na Gaeltacht sásta go raibh ar ár gcumas tacú leo an dealbh breá seo a lonnú ar imeall thoir an bhaile, dealbh a bheidh ina shiombal de chultúr dúchasach an Spidéil, Chois Fharraige agus na Gaeltachta.

Is iontach go bhfuil aitheantas agus omós á fháil go poiblí ag duine de mhórscríobhneoirí na Gaeilge ina bhaile dhúchais agus go mbeidh léargas freisin ag pobal na háite agus ag cuairteoirí araon ar thábhacht an Chadhnaigh agus ar thábhacht a shaothair.