An tAire Heather Humphreys ag Seoladh Dhá gteic i nGaeltacht Dhún na nGall

Dhá gteic seolta i nGaeltacht Dhún na nGall

22 Iúil, 2022

nóiméad léite

Seoladh dhá gteic i nGaeltacht Dhún na nGall inné; gteic Charraig Airt, comhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus Comhairle Contae Dhún na nGall, agus Leibhéal 2 de gteic Ghaoth Dobhair, ar dearnadh forbairt air le cúnamh ó Chiste Um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe na Roinne Forbartha Tuaithe & Pobail. Ba í an tAire Forbartha Tuaithe & Pobail, Heather Humphreys, T.D. a rinne an dá sheoladh oifigiúil. Dúirt an tAire Humphreys “Tá ríméad orm go bhfuil mo roinn ag cur infheistíochta agus tacaíochta ar fáil do fhorbairt an ghréasáin gteic, gréasán de moil dhigiteacha, fhiontraíochta agus nuálaíochta.

Tá 1.7 milliún euro curtha ar fáil ag mo roinn do fhorbairt an dá mhol i nGaoth Dobhair agus i gCarraig Airt trí ár bpolasaí “Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann”. Tá áthas orm go bhfuilim ag oscailt dhá áis inniu a dhéanfaidh difríocht agus maitheas do na pobail ina bhfuil siad lonnaithe sa bhfad-théarma."

Ag seoladh Leibhéal 2 de gteic Ghaoth Dobhair, dúirt príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh "Tá straitéis Údarás na Gaeltachta bunaithe ar áiseanna inmharthana a chur ar fail do phobal labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht. Tá muid ag iarraidh go mbeidh áiseanna nuálaíocha cruthaíocha acu, atá ar aon dul le áiseanna aon áit ar fud na cruinne, agus sin atá againn san áis seo, Leibhéal 2 gteic Ghaoth Dobhair.