Seoladh suíomh idirlín Diaspora na Gaeltachta in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach, Carna, ar Lá Fhéile Mhic Dara

Déanfar seoladh oifigiúil ar shuíomh idirlín Diaspóra na Gaeltachta

15 Iúil, 2022

nóiméad léite

Is in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna a dhéanfar seoladh oifigiúil ar shuíomh idirlín Diaspóra na Gaeltachta ar Lá Fheile Mhic Dara, an Satharn 16 Iúil.

 

Is comhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus Ionad Cuimhneacháin na nImirceach atá sa suíomh, bunaithe ar an tábhacht a bhaineann le tapú na ndeiseanna a thagann as diaspóra leathan na Gaeltachta ar fud na cruinne.

 

Is é príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh a bheidh ag seoladh www.diasporanagaeltachta.ie. Ag tagairt do thábhacht an tsuímh, dúirt Mícheál Ó hÉanaigh 

“Is tráthúil gur ar an lá is mó a fhilleann pobal scaipthe Iorras Aithneach abhaile atá an suíomh idirlín seo á sheoladh againn. Tá muid an-sásta gur féidir linn é sin a dhéanamh san Ionad seo ina ndéantar comóradh ar na daoine a d’fhág Éirinn agus ceiliúradh ar a sliocht ar fud na domhain.”

“Tá Diaspóra na Gaeltachta mar chuid thábhachtach de Straitéis 2021-2025 Údarás na Gaeltachta, a aithníonn an luach atá le Diaspóra na Gaeltachta i dtaobh gréasáin, turasóireacht, mealladh daoine abhaile chuig na ceantair Ghaeltachta agus infheistíocht. “