Gradam Idirnáisiúnta bronnta ar chomhlacht uisce Gaeltachta i Maigh Eo

Gradam “Blas den Scoth” bronnta ag an Institiúid Idirnáisiúnta Blaise

13 Iúil, 2022

nóiméad léite

A sample of Crolly Distillery Whiskey
Water surface after collision with water drop

Tá an gradam “Blas den Scoth” bronnta ag an Institiúid Idirnáisiúnta Blaise ar an gcomhlacht Fíor-Uisce, atá lonnaithe i dTuar Mhic Éadaigh, as caighdeán an táirge atá á chur ar fáil acu. Deir an comhlacht gur údar mórtais dóibh é gurb é Fíor Uisce an t-aon uisce Éireannach a bhain an gradam seo amach i 2022.

Le linn an phróiseas roghnúcháin, bíonn na huiscí á dtástáil ag saineolaithe bia agus dí a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu agus ní bhronntar an gradam ach ar na táirgí a bhaineann amach scór blaise níos airde ná 70%.

Déanann Údarás na Gaeltachta comhghairdeas le Fíor Uisce, ceann den méid mór comhlachtaí atá, le tacaíocht ón Údarás, ag cur táirgí bia agus dí den chéad scoth ar fáil i ngach ceantar Gaeltachta sa tír.