Fiontraithe Óga as Conamara ag súil go gcuirfidh mórtas áite an Eoraip faoi gheasa

cúigear fiontraithe óga as ceantar Charna i gConamara ag seasamh an fhóid ar son na hÉireann

8 Iúil, 2022

nóiméad léite

06/04/2022 repro free: Students from Scoil Phobail Mhic Dara win Údarás na Gaeltachta – Company Programme National Final. Stephen Breathnach, Ciara Ní Chualáin, Ciara Ní Mhaoilchiaráin, Dara Ó Cualáin Clíona Ní Dhuinn at the Údarás na Gaeltachta Clár na gComhlachtaí 2022 National Final which took place in the Connemara Coast Hotel in Na Forbacha, Co. Galway. Photo:Andrew Downes, xposure.

Beidh cúigear fiontraithe óga as ceantar Charna i gConamara ag seasamh an fhóid ar son na hÉireann ag Craobh Chomhlacht na Bliana Junior Achievement na hEorpa a bheidh ar siúl i dTallinn, príomhchathair na hEastóine an tseachtain seo chugainn. (12-15 Iúil)

Is iad Dara Ó Cualáin, Stephen Breathnach, Ciara Áine Ní Mhaoilchiaráin, Clíona Ní Dhuinn agus Ciara Máire Ní Chualáin a thug an craobh náisiúnta de Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta leo san Earrach. Is iad a bhunaigh an mionchomhlacht Frámaí Chonamara agus d’fhorbair táirge ar ardchaighdeán - frámaí pearsanta atá á ndéanamh ag an gcomhlacht seo le díol mar bhronntanais.

Déantar sloinnte agus abairtí i nGaeilge a chur laistigh de fhrámaí le dearadh speisialta. Tá an-díol ar an táirge ó bunaíodh an gnó agus na tá frámaí á seoladh ar fud na hÉireann agus an domhain.  Fuair siad tacaíocht agus cúnamh óna múinteoir Róisín Ní Chonfhaola, chomh maith le tacaíocht ó fheidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta agus Junior Achievement Ireland.

Bhí iomaíocht ghéar sa gcraobh náisiúnta agus seacht gcinn de mhionchomhlachtaí ó ranganna idirbhliana na scoileanna Gaeltachta ag iarraidh áit a bhaint amach sa gcraobh Eorpach. Seo é an ceathrú uair ag buaiteoirí Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta deis a bheith acu páirt a ghlacadh ag leibhéal na hEorpa den chomórtas.

Frámaí Chonamara

Tá Frámaí Chonamara san iomaíocht freisin do Ghradam Rogha an Phobail a chinnfear trí vóta poiblí ar líne ag https://expo.gen-e.eu/.  Is faoin bpobal atá sé buaiteoir a roghnú agus beidh an deis vótála oscailte ón 08 Iúil 2022. Is féidir leis an bpobal vóta a chaitheamh luath agus go minic d’fhiontraithe Chonamara!

Le linn Chomórtas na hEorpa, cuirfidh Dara, Aoife, Ciara Áine, Clíona agus Ciara Máire a dtáirge, an comhlacht, a ndul chun cinn agus a gcuid pleananna os comhair na moltóirí agus fiontraithe óga ó bhallstáit eile an AE atá san iomaíocht sa gcomórtas.

Labhair Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh:

Tá Údarás na Gaeltacht an-bhródúil go bhfuil foireann ar nós Frámaí Chonamara ag dul chun na hEorpa, ní amháin ag déanamh ionadaíochta ar son na hÉireann ag cur táirge samhlaíoch Frámai Chonamara os a gcomhair, ach iad ag déanamh ionadaíochta ar son na gceantar Gaeltachta chomh maith.  Ba mhór an spreagadh an oiread sin fiontraithe óga a fheiceáil ag glacadh páirte i gClár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta 2022.  Léiríonn eolas agus díograis na ndaltaí seo go bhfuil an fhiontraíocht sa nGaeltacht slán sábháilte. Go n-éirí an t-ádh le Dara, Aoife, Ciara Áine, Clíona agus Ciara Máire agus chuile dhuine i bPobalscoil MhicDara.

Chuir Príomhfheidhmeannach Junior Achievement Ireland Helen Raftery leis an méid sin:

"Le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, tá deis tugtha ag Clár na gComhlachtaí do 650 mac léinn scoile ó chuile réigiún Gaeltachta a gcuid scileanna fiontraíochta a fhorbairt agus a úsáid."

"Beidh sé seo thar a bheith luachmhar dóibh, ina gcuid oideachais agus amach anseo, nuair a thugann siad aghaidh ar an saol oibre. Thug siad leo an craobh sna babhtaí réigiúnacha agus náisiúnta de Chlár na gComhlachtaí le Údarás na Gaeltachta agus anois beidh Frámaí Chonamara ó Scoil Phobail Mhic Dara, Carna, Conamara, Co. na Gaillimhe ag déanamh ionadaíochta ar an tír seo ag comórtas JA Comhlacht na Bliana i dTallinn san Eastóin an tseachtain seo chugainn. Guímid gach rath ar an bhfoireann agus iad ag dul san iomaíocht le fiontraithe óga as ceathracha tír eile ar fud na hEorpa."