I lár na farraige a sheolfar an chéad mhol eile i ngréasán gteic

gteic@Inis Meáin á oscailt go hoifigiúil

30 Aibreán, 2022

nóiméad léite

Is i lár an trí oileáin Árann a osclófar go hoifigiúil an chéad mhol digiteach eile i ngréasán gteic na Gaeltachta. Beidh gteic@Inis Meáin á oscailt go hoifigiúil ar Inis Meáin inniu (30.04.2022) agus é ar cheann den 28 ionad gteic atá oscailte nó ar tí a bheith oscailte sa nGaeltacht.

Is é Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt Jack Chambers T.D. a dhéanfaidh an ribín a ghearradh ar an mol seo a bheidh mar chuid de Ghréasán Digiteach na Gaeltachta – gréasán de os cionn 30 mol nuálaíochta agus digiteach le leathanbhanda ardluais á bhforbairt ag Údarás na Gaeltachta in ionaid ar fud na Gaeltachta.

Tá 5 spás oibre comhroinnte i gceist leis an gteic seo a bheidh lonnaithe laistigh d’Ionad Pobail Charcair na Leacht a d’oscail go hoifigiúil inniu chomh maith. Beidh fáil ag lucht an gteic ar na háiseanna atá san ionad seo, seomraí cruinnithe, ceaintín, deasc fáilte agus spásanna comhroinnte.

Beidh an áis seo ag freastal ar an bpobal agus ar ghnóthaí agus cuirfidh sé deiseanna cianoibre ar fáil ar an oileán. Is é Comhlacht Forbartha Inis Meáin Teo, eagras forbartha pobail, a dhéanfaidh bainistiú ar an mol thar ceann an Údaráis. Beifear in ann fiontraithe in earnálacha éagsúla a éascú ón mol agus beidh sé ar fáil do thograí traenála, taighde agus forbartha.

Ag labhairt dó agus é ag oscailt an ionaid dúirt P:
“Is áis iontach é an mríomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt Jack Chambers T.D.ol digiteach seo d’Inis Meáin. Cuirfidh sé deiseanna ar fáil do ghnóthaí agus d’fhiontraithe an oileáin agus spreagfar daoine chun smaoineamh ar fhilleadh ar an oileán nó gnó a bhunú ann. Tá forbairt mar seo thar a bheith tráthúil leis na féidearthachta nua atá tagtha chun cinn maidir leis an gcian obair.”

Chuir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh leis an méid sin:
“Tá an-áthas orainn an chéad mhol eile i ngréasán gteic na Gaeltachta a oscailt go hoifigiúil. Tacóidh gteic@Inis Meáin go mór le saol an phobail agus le saol an ghnó ar an oileán, agus cuirfear deiseanna don chianoibriú ar fáil chun cur ar chumas Dhiaspóra na Gaeltachta filleadh ar an ndúchas agus deiseanna éagsúla saoil a bheith acu anseo. Beidh an gréasán mol digiteach seo, atá ag leathnú ar fud na Gaeltachta, ag cumasú phobail na n-oileán Gaeltachta.”

Tá gteic@Inis Meáin anois ar cheann de 6 cinn de mhol digiteach i nGaeltacht na Gaillimhe áit a bhfuil gteic@Na Forbacha, gteic@An Spidéal, gteic@An Cheathrú Rua, gteic@Carna, gteic@Ceantar na nOileán sa gcomhluadar agus súil go mbeidh gteic@Corr na Móna agus gteic@Inis Mór ar an oileán lenár dtaobh ag oscailt go luath.