Comhlacht Feistí Leighis sa Spidéal ceannaithe ag Mórchomhlacht Ilnáisiúnta as Stáit Aontaithe Mheiriceá

8 Aibreán, 2022

nóiméad léite

Aran Biomedical Teo, cliantchomhlacht de chuid an Údaráis atá lonnaithe sa Spidéal, Co. na Gaillimhe, ceannaithe ag Integer Holdings Corporation, ceann de na comhlachtaí is mó sa domhan a sheachfhoinsíonn feistí leighis ag freastal ar mhargaí do chúrsaí cairdiach, néaramhodhnúchán, soithíoch, feistí inaistrithe agus cúrsaí máinliachta agus ortaipéideacha.

Dheimhnigh Aran Biomedical Teo, speisialtóirí i saindearadh, forbairt agus i ndéantúsaíocht feistí leighis, go bhfuil an comhlacht á cheannach ag Integer.  Cuirfidh cónascadh an dá chomhlacht ar chumas Integer freastal níos fearr ar a chustaiméirí agus fás suntasach a dhéanamh ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara.

De bharr nuálaíocht leanúnach Aran Biomedical d’fhorbair siad táirge nideoige bithábhair agus de bharr iarrachtaí dochreidte an chomhlachta agus a gcuid fostaithe tá fás agus leathnú as cuimse tagtha orthu.  Cabhróidh an ceannachán seo lena chinntiú go mbeidh feistí leighis ar ardchaighdeán á bhforbairt agus á ndéanamh anseo ar imeall na hEorpa.

Leanfar le hoibríochtaí ag an áis sa Spidéal áit a bhfuil sé i gceist, le láithreacht domanda Integer agus a gcumas deartha, forbartha agus deantúsaíochta, go mbeidh an comhlacht in ann fás agus dul i ngleic le riachtanais i bhfeistí maidir le cúrsaí croí, sa soithíoch imeallach, sa néar-shoithíoch, san ionsoithíoch agus sa úireolaíochta.

Tá stair fhada sa nuálaíocht ag Integer ó bunaíodh é sna 1940idí, ceannairí domhanda i ndearadh agus i seachfhoinsiú feistí leighis a fhreastalaíonn ar rithim chairdiach, sláinte cardio agus soithíoch, feistí neuromodulation, agus pacáistí agus luchtairí ceallraí leighis saincheaptha do dhéantóirí buntrealaimh domhanda. Tá 1,300 duine fostaithe ag an gcomhlacht faoi láthair sna háiseanna atá aige ar an bPáirc Mhór i nGaillimh agus i Loch Garman agus tá fórsa saothair domhanda de 9,000 acu san Eoraip, Meiriceá Thuaidh, Meiriceá Theas, an Meánoirthear agus san Áise.

Chuir Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta fáilte roimh an gceannachán:

Thar ceann Bhord Údarás na Gaeltachta déanaim comhghairdeachas le Aran Biomedical as an bhforbairt iontach seo agus cuirim fáilte mhór roimh Integer.  Tá an-chuid dul chun cinn déanta ag Aran Biomedical ó bunaíodh é ar an Spidéal agus is cinnte go mbeidh an fhorbairt iontach seo an-fhiúntach don dá chomhlacht, don cheantar agus don am atá le theacht.”

Dúirt Peter Mulrooney, Príomhfheidhmeannach Aran Biomedical:

“Tá an-áthas orainn agus an-bhród orainn a bheith mar chuid de Integer, ceann de na déantóirí seachfhoinsithe feistí leighis is mó ar domhan. Trí theicneolaíochtaí ionchlannaithe bithábhair Aran Biomedical a chomhcheangal leis na córais seachadta den chéad scoth atá ag Integer, cuirfear seirbhís níos difreáilte ar fáil do thionscal na bhfeistí leighis.”

Dúirt Uachtarán agus Príomhfheidhmeannach Integer Joe Dziedzic:

“Tagann ceannach Aran Biomedical go hiomlán lenár straitéis chun ár láithreacht i margaí ardfháis a leathnú.  Tabharfaidh Aran saineolas ábhair agus réitigh teicneolaíochta ionchlannáin an-difreáilte chuig ár bpunann. Luífaidh a nuálaíocht, a gcumas agus a luachanna isteach go mór le Integer, agus tá ríméad orainn fáilte a chur roimh fhoireann Aran Biomedical chuig Integer.  Trí réitigh agus saineolas teicneolaíochta a thabhairt le chéile le ceannaireacht Integer ó thaobh córais seachadta agus scála déantúsaíochta, beidh cumas thar na bearta ann freastal ar riachtanais ár gcustaiméirí agus a bheith mar chomhpháirtí acu agus an chéad ghlúin eile d’fheistí leighis tarrthála agus feabhsaithe beatha a fhorbairt.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh:

“Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte roimh an dea-scéala seo do Aran Biomedical.  Is cliantchomhlacht tábhachtach iad atá lonnaithe i nGaeltacht an Spidéal le blianta beaga anuas agus beidh siad chomh tábhachtach céanna faoi Integer. Tá Integer tiomanta do cheantar an Spidéil mar ionad ríthábhachtach teicneolaíochta don chomhlacht níos leithne agus tá muid ag súil ag dul i gcomhpháirtíocht leo agus a gcuid pleananna fadtéarmacha sa réigiún a fhorbairt.  Tá Aran Biomedical imithe ó neart go neart agus is caighdeán a gcuid táirgí agus a bhfoireann den scoth a mheall a leithéid d’infheistíocht dhomhanda chuig Gaeltacht Chonamara.”