Glúin Nua Fiontraithe Gaeltachta á lorg ag Údarás na Gaeltachta

9 Márta, 2022

nóiméad léite

Tá Údarás na Gaeltachta ar thóir ghlúin nua d’fhiontraithe Gaeltachta a aithint agus a chumasú, agus glaoch oscailte fógartha chun tacú leo a gcuid smaointe gnó a thabhairt chun inmhe. Táthar ag iarraidh fiontraithe nua na Gaeltachta a chumasú agus cabhrú leo smaoineamh gnó a fhiosrú agus féachaint lena sin a fhorbairt tuilleadh trí shamhail ghnó chuí a scrúdú.  Beifear ag tacú i dtosach leis na fiontraithe nua seo trí cheardlann atá á eagrú ag an eagraíocht.

Mar chuid den ghlaoch táthar ag iarraidh ar dhaoine clárú do Cheardlann maidir le Canbhás Shamhail Ghnó atá á eagrú ag Údarás na Gaeltachta ar líne an 30 Márta 2022 ón 2 – 4in.  Is ócáid de chuid mhí na fiontraíochta é seo agus imeachtaí ar siúl ar fud na Gaeltachta agus na tíre chun tacú le fiontraithe.  Táthar ag súil go meallfaidh an cheardlann fiontraithe ata ag teacht chun cinn sa nGaeltacht le fáilte faoi leith roimh fhiontraithe faoi 35 bliain d’aois agus fiontraithe ban.

Spreagadh a bheidh anseo d’fhiontraithe a gcoincheap nó smaoineamh gnó a thabhairt céim eile agus ag dul i bhfeidhm, nuair is cuí, le córas tacaíochta d’fhorbairt na fiontraíochta sa nGaeltacht.  Beidh imeachtaí ar nós Féile Nuálaithe Faoi 35 na hEorpa MIT, ceann de na himeachtaí is iomráití ar domhan a dhéanann ceiliúradh ar cheannródaithe teicneolaíochta óga, ag tarlú in Éirinn i mí Bealtaine i nGaoth Dobhair, Dún na nGall.  Beifear ag nascadh leis na hionaid áitiúla gteic freisin ar fud na Gaeltachta chun daoine a spreagadh chun a gcuid smaointe gnó a fhorbairt mar chuid den cheardlann.

Tabharfaidh an glaoch oscailte seo deis iontach do dhaoine atá ag iarraidh eolas breise a fháil maidir le smaoineamh nó coincheap gnó a thabhairt chun cinn.  Tá spiorad na fiontraíochta go láidir sa nGaeltacht, áit a dtacaíonn fiontair bheaga, mheánmhéide agus mhóra le pobail fairsinge na gceantar sin”  a dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hEanaigh. “Tá deiseanna agus imeachtaí d'fhiontraithe nua ag teacht chun cinn agus an Ghaeltacht agus Éire i gcroílár na ngníomhaíochtaí seo agus beidh amach anseo chomh maith.”

Déanfaidh an cheardlann cur síos ar na cúinsí ar fad a bhaineann le gnó a bhunú agus na spriocanna ar cheart díriú orthu agus gnó nua á bhunú.  Gnéithe ar nós: an leas is fearr a bhaint as luach tairisceana, custaiméirí a aithint, na bealaí custaiméirí is fearr a aimsiú do do tháirge agus do d’earnáil, caidreamh cuí le custaiméirí a choinneáil, na príomhacmhainní agus gníomhaíochtaí a mhapáil chun tacú le do shamhail ghnó, buntáistí agus míbhuntáistí maidir le deiseanna comhpháirtíochta a scrúdú agus struchtúir éagsúla gnó a chur i bhfeidhm. Is í Ailish Irvine as Irvine Training, Traenálaí agus Comhairleoir Gnó a chuirfidh an cheardlann i láthair.

Is féidir clárú don cheardlann anseo: https://www.eventbrite.ie/e/business-canvas-model-workshop-tickets-267384342767