Togra Eorpach SW-Grow ag lorg léirithe spéise sa nGaeltacht do thogra píolótach triomaithe feamainne

1 Márta, 2022

nóiméad léite

Tá an togra Eorpach SW-GROW, a bhfuil Údarás na Gaeltachta comhpháirteach ann, ag lorg léirithe spéise chun togra píolótach a chur i bhfeidhm áit a mbeidh infreastruchtúr á roinnt chun feamainn a thriomú sa nGaeltacht.

Is scéim phíolótach a bheidh anseo a bheifear á cur i gcrích i limistéar geografach amháin lena fháil amach an rachadh roinnt infreastruchtúir triomaithe feamainne idir FBManna chun leasa an tionscail agus chun buntáistí a fhiosrú ó thaobh costais agus timpeallachta de agus cúinsí eile a thabhairt san áireamh maidir le hinfreastruchtúr a roinnt.

Tá togra SW-GROW i gcomhair le hÚdarás na Gaeltachta  cómhaoinithe ag an gClár Forimeall Thuaidh agus Artach de chuid ERDF an AE agus tá an togra ar bun ó mhí Lúnasa 2019 agus tiocfaidh críoch leis i mí Lúnasa 2022.

An cuspóir atá le togra SW-Grow ná deiseanna eacnamaíocha a mhéadú i dtionscal na feamainne trí chleachtais nuálaíocha oibre a fhorbairt i measc na bhfiontar beag agus meánmhéide atá páirteach sa tionscadal seo i réigiún an NPA chun táirgí feamainne cáilíochta a fhorbairt de chaighdeán comhsheasmhach atá inaitheanta agus gur féidir a bhrandáil go soiléir.

Glacfar le foirmeacha léiriú spéise maidir leis an scéim phíolótach seo go dtí Dé Céadaoin 09 Márta 2022.

Tá scóip na hoibre agus an fhoirm le fáil anseo