Táirgí Cáise na Gaeltachta ar bharr an domhain mhóir

10 ngradam cáise domhanda & náisiúnta buaite ag comhlachtaí Gaeltachta

22 Samhain, 2021

nóiméad léite

Tá cuid de tháirgí Cáise na Gaeltachta aitheanta a bheith ar an gcuid is fearr in Éirinn agus ar fud na cruinne a bhuíochas do 10 ngradam cáise domhanda agus náisiúnta atá buaite ag cliantchomhlachtaí le hÚdarás na Gaeltachta le gairid.

Léiríonn na gradaim a bhuaigh Táirgí Cáise Buabhaill Mhaigh Chromtha agus Cáis Chúil Aodha as Múscraí chomh maith le Cáis Gabhair Árann in Inis Mór feabhas an táirge atá á chruthú faoi choimirce Ghaeltacht na hÉireann agus ba mhaith le hÚdarás na Gaeltachta tréaslú leis na comhlachtaí as ucht a ndúthracht chun ardchaighdeán a bhaint amach atá aitheanta ar fud na cruinne anois.

Tá éacht nach beag déanta ag Táirgí Cáise Buabhaill Mhaigh Chromtha Teoranta arís agus 4 Ghradam tugtha leo acu ag na World Cheese Awards le gairid chomh maith le dhá ghradam ag na Cáis Irish Cheese Awards. Ní hé seo an chéad uair do thréad buabhall Johnny Lynch a bheith ar bharr an domhain, thugadar Gradaim World Cheese leo in 2016, 2017 agus 2018 chomh maith.

Tá tréad buabhall as an Iodáil ag úinéir Tháirgí Cáise Buabhaill Mhaigh Chromtha Teoranta Johnny Lynch agus a bhean chéile Geraldine ar a bhfeirm i gCill na Martra, Co. Chorcaí agus tá an comhlacht cáise ag dul ó neart go neart le tacaíocht Údarás na Gaeltachta ó shin.

Fuair na táirgí Macroom Buffalo Greek Style Cheese agus Macroom Buffalo Mozarella gradaim cré umha ag na World Cheese Awards agus gradaim airgid a fuair a gcuid táirgí Macroom Buffaloumi agus Macroom Buffalo Ricotta.  Ag gradaim Cháis Irish Cheese Awards is bonn airgid a bhuaigh an táirge Macroom Buffalo Mozzarella do cháis bog agus sa gcatagóir do cháis nua is é an Macroom Buffalo Buffaloumi a fuair an gradam cré-umha.

Go hInis Mór in Árainn a chuaigh dhá ghradam náisiúnta cáise i mbliana áit a dtug Cáis Gabhair Árann dhá ghradaim leo ag comórtas Cháis Irish Cheese.  Is é Gabriel Ó Fatharta atá i mbun an chomhlachta a dhéanann táirgí éagsúla cáis gabhair ar Inis Mór.  Bhuaigh a cháis bhog Aran Island Soft Goats Pearls gradam cré-umha agus sa gcatagóir cáis bhog le blas fuair Aran Island Dillisk Goats Pearls duais cré-umha.

Is ag comórtas Cáis Irish Cheese chomh maith a bhuaigh an comhlacht Cáis Chúil Aodha gradaim le gairid áit ar bhuaigh an comhlacht atá á rith ag muintir Willems as ceantar Chúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí dhá ghradam airgid. Éacht nach beag é don chomhlacht atá ag fás go leanúnach le roinnt blianta go bhfuil aitheantas náisiúnta acu as feabhas a dtáirgí le gradam airgid dá gcáis crua le blas Coolea Cumin agus gradam airgid dá gcáis crua Mature Coolea.

D’éirigh leis an gcomhlacht Gaeltachta as ceantar Dhaingean Uí Chúis, Dingle Farmhouse Cheese gradam cré-umha a bhaint amach dá gcáis bhog ag Cáis Irish Cheese Awards, éacht thar na bearta do Tommy Bruic agus a chomhlacht.

Ag tréaslú a ngradam leis na buaiteoirí dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh:

“Fiú le tionchar na paindéime tá táirgí bia agus deoch Gaeltachta den scoth á gcruthú ag ár gcliantchomhlachtaí agus is cúis áthais don Údarás é go bhfuil an t-aitheantas cuí á fháil acu i gcónaí. Tá muid fíor shásta a bheith ag tacú leis na comhlachtaí nuálacha bia seo agus tréaslaíonn muid a ngradam leo. Is léir ó na buaiceanna ar fad le cúpla bliain anuas go bhfuil scoth na cáise á dtáirgeadh ag cliantchomhlachtaí an Údaráis sna ceantair Ghaeltachta.  Tá bratach na Gaeltachta ar foluain go hard i margaí idirnáisiúnta an domhain mhóir de bharr feabhas na gcomhlachtaí Gaeltachta seo. Go mba fada buan iad.”

World Cheese Awards 2021

Táirgí Cáise Buabhaill Mhaigh Chromtha Teoranta Macroom Buffalo Greek Style Cheese Cré-umha
  Macroom Buffalo Mozarella Cré-umha
  Macroom Buffaloumi Airgead
  Macroom Buffalo Ricotta Airgead

Cáis - Irish Cheese Awards 2021

Catagóir Táirge agus Comhlacht Duais
Cáis úr/bhog: Buabhall, Bó, Caora, Measctha Macroom Buffalo Mozzarella – Táirgí Cáise Buabhaill Mhaigh Chromtha Teoranta Airgead
  Caisog – Dingle Farmhouse Cheese Cré-umha
Cáis úr/bhog: Bainne Ghabhair Aran Island Soft Goats Pearls –

Cáis Gabhair Árann

Cré-umha
Cáis bhog le blas Aran Island Dillisk Goats Pearls - Cáis Gabhair Árann Cré-umha
Cáis chrua le blas Coolea Cumin – Cáis Chúil Aodha Airgead
Cáis aibí os cionn 6 mhí Mature Coolea  – Cáis Chúil Aodha Airgead
Cáis nua – cineál ar bith Macroom Buffalo Buffaloumi -Táirgí Cáise Buabhaill Mhaigh Chromtha Teoranta Cré-umha