22 Gradam Blas na hÉireann buaite ag táirgí Gaeltachta

Aitheantas faighte ag scoth na dtáirgí Bia agus Deoch Gaeltachta

5 Deireadh Fómhair, 2021

nóiméad léite

D’éirigh le comhlachtaí éagsúla bia agus deoch Gaeltachta, cliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta, 22 gradam a bhaint amach ag comórtas iomráiteach Bhlas na hÉireann 2021.  Léiriú é an t-aitheantas seo ar an gcaighdeán bia agus deoch atá á dtáirgeadh i gceantair Ghaeltachta na tíre.  Déanann Údarás na Gaeltachta comhghairdeachas ó chroí leis na comhlachtaí a bhuaigh bonn óir, airgid nó cré-umha agus leis na comhlachtaí Gaeltachta eile ar fad a bhí ar an ngearrliosta don sár-aitheantas bliantúil seo.

Tá Údarás na Gaeltachta ag tacú le gradaim Bhlas na hÉireann le blianta fada agus thar a bheith sásta a bheith ag cur urraíochta ar fáil dóibh i rith na tréimhse sin. Is earnáil ríthábhachtach í seo don Ghaeltacht agus tá dul chun cinn suntasach déanta san earnáil le 40 bliain anuas de bharr dúthracht tháirgeoirí Gaeltachta agus tacaíocht leanúnach Údarás na Gaeltachta. Tá táirgí Gaeltachta ar ardchaighdeán ag baint cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta amach dóibh féin agus cuid acu á mbuanú mar bhrandaí láidre domhanda.

Is iad Údarás na Gaeltachta a dhéanann urraíocht ar Ghradam Rogha na Gaeltachta ag Gradaim Bhlas na hÉireann agus tréaslaíonn muid a mbua le Brian Farrell agus a fhoireann i Salann Mara an Daingin i mBaile an Fheirtéaraigh i gCo. Chiarraí a bhuaigh an gradam sin as a salann blasta a dhéanann siad ansin. Bhuaigh cineálacha éagsúla salainn boinn óir i gcatagóirí eile chomh maith.

D’éirigh le comhlacht eile as ceantar Dhaingean Uí Chúis gradaim óir agus airgid a bhaint amach dá gcuid píosa feola mairteola agus uaineola agus ba é sin Búistéir Uí Chinnéide, siopa búistéara ceardaíochta ar an mbaile atá ag táirgeadh feola den scoth.  Ba iad sconaí Chácaí Acla a bhuaigh an gradam cré-umha sa gcatagóir d’Arán & Cácaí, éacht don chomhlacht Gaeltachta seo atá lonnaithe in Acaill, Co. Mhaigh Eo.

Tá taithí mhaith ag Folláin Teo. i mBaile Bhuirne ag bailiú gradaim Bhlas na hÉireann le fada an lá agus d’éirigh leo 8 gcinn de ghradaim a bhuachan in 2021 do tháirgí éagsúla den scoth a chruthaíonn siad i nGaeltacht Mhúscraí. Comhghairdeachas le muintir Uí Lionáird as an mbua iontach seo agus iad a leanúint le cur chun cinn a gcuid táirgí i mBaile Bhuirne.  Tá dul chun cinn suntasach déanta i dtréimhse ghairid ag an gcomhlacht Táirgí Cáise Bhuabhall Mhaigh Cromtha as Maigh Chromtha agus a dtréad buabhall as gradaim óir agus airgid a bhuachan as a gcuid táirgí cáise.  Tá gnó mhuintir Uí Loingsigh ag dul ó neart go neart gach aon bhliain.

Tá cáil ar an gcaife Builín Blasta atá lonnaithe sa Spidéal, Co. na Gaillimhe as an mbeatha agus na táirgí den scoth a dhéantar ansin agus arís i mbliana d’éirigh leis an maonáis oinniún deataithe atá acu bonn óir a bhaint amach.  Bhuaigh fuisce aon bhraiche Dhrioglann Dhaingean Uí Chúis i gCiarraí gradam airgid agus bhain Drioglann Chléire gradam cré-umha amach dá gion.   Maidir le bia na farraige bhuaigh Bá Earagail gradam cré-umha as na crúba portán a bhíonn á iascach ag an gcomhlacht Gaeltachta seo sa gCarraig i gCo. Dhun na nGall.

Aithnítear gradaim Bhlas na hÉireann mar chaighdeán idirnáisiúnta agus bíonn an-tóir ar na táirgí a bhaineann gradaim amach, táirgí iad seo a bhíonn ar chaighdeán an-ard ó thaobh táirgthe de.

Tá an earnáil bia agus dí ar an tríú earnáil fostaíochta is airde sa nGaeltacht le 17% den fhostaíocht nó suas le 1,250 fostaithe ag deireadh 2020.  Tá na comhlachtaí an-tábhachtach do na pobail ina bhfuil siad ag feidhmiú agus iad ag cur fostaíochta ar fáil in iomaí ceantar Gaeltachta sa tír.  Déantar lear mór de na hearraí seo a onnmhairiú thar lear, rud a chuireann le geilleagar na tíre agus le haitheantas na tíre agus na Gaeltachta ó thaobh na dtáirgí iontacha a tháirgtear anseo.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh:

“Is léir ón gcaighdeán a chuireann comhlachtaí bia agus deoch na Gaeltachta ar fáil nach bhfuil a sárú le fáil.  Tá a gcroí agus a n-anam sna táirgí éagsúla a chuireann siad ar fáil i dtionscal atá fíorchrua le treabhadh.  Is maith atá a ngradam tuillte ag Salann Mara an Daingin, Búistéir Uí Chinnéide, Drioglann Dhaingean Uí Chúis, Folláin, Bá Earagail, Drioglann Chléire, An Builín Blasta, Cácaí Acla agus Táirgí Cáise Bhuabhall Mhaigh Cromtha agus tréaslaíonn muid a ngradaim leo. Tá muid thar a bheith mórtasach as na cliantchomhlachtaí seo atá lonnaithe sa nGaeltacht agus atá ag déanamh a gcuid chun blas na hÉireann agus Branda Ghaeltacht na hÉireann a chur chun cinn anseo sa mbaile agus thar lear.”

Cliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta agus na gradaim a bhain siad amach:

Cliantchomhlacht Contae Gradam Táirge
Salann Mara an Daingin Ciarraí Rogha na Gaeltachta Salann Mara
Salann Mara an Daingin Ciarraí Táirgí is fearr sa gContae Salann Mara
Salann Mara an Daingin Ciarraí Ór - Blas Old Smokehouse Dry Rub
Salann Mara an Daingin Ciarraí Ór - Salann le blas Lemon and Rosemary infused sea salt
Salann Mara an Daingin Ciarraí Ór - Salann West of Dingle Sea Salt
Folláin Corcaigh Airgead - Seatnaí Folláin Specially Selected Irish Chutney Tomato and Chilli Jam
Folláin Corcaigh Ór - Blastán Dunnes Stores Maple & Mustard Dressing
Folláin Corcaigh Ór - Mustard Folláin Signature Tastes Wholegrain Mustard
Folláin Corcaigh Ór - Anlann goinbhlasta Folláin Apple and Fig Relish
Folláin Corcaigh Airgead - Anlann goinbhlasta Dunnes Stores Simply Better Irish Made Gherkin Relish
Folláin Corcaigh Cré-umha - Anlann goinbhlasta Folláin Irish Tomato Relish
Folláin Corcaigh Airgead – Anlann saillte Dunnes Stores Korma Sauce
Folláin Corcaigh Airgead - Subh Dunnes Stores Simply Better Irish Made Redcurrant Jelly
Táirgí Cáise Buabhall Mhaigh Chromtha Corcaigh Ór - Cáis bhog Macroom Buffalo Cheese Macroom Buffaloumi
Táirgí Cáise Buabhall Mhaigh Chromtha Corcaigh Airgead - Cáis bhog Macroom Buffalo Cheese Macroom Buffalo Bocconcini
Bá Earagail Dún na nGall Cré-umha - Sliogéisc Errigal Bay Frozen Brown Crab Claws
Drioglann Dhaingean Uí Chúis Ciarraí Airgead – Biotáille dorcha Dingle Distillery Dingle Single Malt
Drioglann Chléire Corcaigh Cré-umha – Biotáille Geal Cape Clear Island Distillery 3 SQ. MILES, Irish Coastal Gin
An Builín Blasta Gaillimh Ór – Anlann saillte Builín Blasta Teo Smoked Onion Mayo
Búistéir Uí Chinnéide Ciarraí Ór - Mairteoil Kennedy’s Butchers Dingle Spiced Ribeye Ventry Beef
Búistéir Uí Chinnéide Ciarraí Airgead – Uaineoil le blas Kennedy’s Butchers Canon of Dingle Peninsula Lamb with Dingle Spices
Cácaí Acla Maigh Eo Cré-umha– Áran & Cácaí Sconaí