Sáimhín Só le fáil i bhFiántas Chonamara!

Ag cabhrú leat do shaol a athrú ó gteic@An Spidéal

3 Meán Fómhair, 2021

nóiméad léite

Tá Nemara Wilde ag cur daoine faoi hiopnóis ar fud na cruinne le scór bliain anuas agus anois tá sí ag cabhrú lena cliaint an chuid is fearr a fháil óna saol as timpeallacht bríomhar gteic@An Spidéal, mol nuálaíocht agus digiteach i nGaeltacht na Gaillimhe.

“Feicim daoine i gcomhthéacs teiripeach ar feadh tréimhsí fada ama agus gan seirbhís idirlín gur féidir brath air, rud a chuireann gteic@An Spidéal ar fáil, ní bheadh rath ar mo ghnó.  Is acmhainn den scoth atá sa luas idirlín sa gteic don ghnó, ní bheinn in ann freastal ar mo chuid cliant in Éirinn agus mo chliaint idirnáisiúnta á uireasa.”

Cuireann Wild Transformation Cóitseáil Claochlaithe agus Hipniteiripe Claochlaithe Tapaigh ar fáil chun cabhrú le daoine athrú agus dúshláin chomónta an tsaoil a shárú.

“Tagann cliaint chugainn atá ag streachailt le muinín, imní, strus, andúil, saincheisteanna sláinte, dúshláin torthúlachta, fadhbanna codlata agus ceisteanna gnó/slí beatha.  Mar theiripeoir RTT oibrím ar líne sa gcaoi is gur féidir liom cabhrú le cliaint in Éirinn agus go hidirnáisiúnta fuascailt a fháil ó na deacrachtaí seo, rud a éascaíonn an saol dóibh.”

Bhí clinic mór le rá ag Nemara i Sydney áit ar chaith sí cúig bliana déag ag obair mar theiripeoir a chabhraíonn le suaimhneas intinne agus fuascailt intinne, cabhraigh sí le liosta fairsing cliant, a raibh an rud céanna uathu… sláinte mothúchánach, fisiciúil agus intinne a fháil.  Thug sí faoi deara go raibh an cholainn agus an intinn in ann athrú go sciobtha, agus thuig sí go raibh plean nádúrtha taobh istigh dúinn ar fad maidir le sláinte mothúchánach, fisiciúil agus intinne.  Tá áthas uirthi gur bhog sí go Conamara.

 

 

“Is breá liom a bheith amuigh faoin aer, tugann láthair gteic@An Spidéal inspioráid dom.  Tá muid lonnaithe i gceantar cúlráideach i gConamara, ár n-aghaidh ar Chuan na Gaillimhe, ar an mBoirinn agus ar Árainn.  Is aoibhinn liom seasamh taobh amuigh den oifig chuile lá agus an áilleacht nádúrtha seo a fheiceáil… is féidir liom dul ag siúl ar an trá, dul ag snámh chun m’intinn a ghlanadh agus dul le haghaidh lóin sa gcafé áitiúil sa gCeardlann.  Ciallaíonn an timpeallacht shaibhir seo go mbíonn lá oibre deas, cruthaitheach agus fiúntach agam.  Tá caighdeán saoil agam anseo nach bhfuilim cinnte a bheadh ar fáil in aon áit eile.”

“Bliain ó shin chruthaigh mé pobal ar líne do mhná idirnáisiúnta – chun cur ar chumas na mban aghaidh a thabhairt ar a sláinte mothúchánach, fisiciúil agus intinne, ní bheadh an pobal seo cruthaithe murach áiseanna proifisiúnta gteic.  D’éirigh thar cionn leis an tionscnamh agus táim chun é a chur ar fáil do lucht féachana níos leithne.

Táim ag obair ar bheartas maidir le Spá Ceann Scríbe a fhorbairt i gConamara – coincheap nach mbeadh curtha i gcrích murach an nasc atá déanta agam le gréasán gteic agus Údarás na Gaeltachta.

 

Is Cóitseálaí Claochlaithe agus Hipniteiripeoir Claochlaithe Tapaigh í Nemara Wilde agus is í bunaitheoir Wilde Transformation atá lonnaithe i gteic@An Spidéal.  Tá a gcuid pacáistí agus cláir ar fáil ar líne agus duine ar dhuine ag brath ar riachtanais an duine agus an láthair.

www.wildetransformation.com

Tá gteic@An Spidéal suite 12 míle siar ó Chathair na Gaillimhe i mbaile álainn An Spidéal agus is mol nuálaíochta & digiteach den chineál is nua-aimseartha é, áit ina gcuireann cultúr uathúil na Gaeltachta cruthaitheacht agus nuálaíocht chun cinn. Tá gteic@An Spidéal ina chuid de gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta agus mar chuid d’éiceachóras digiteach atá ag dul i méid, áit ina mbeidh moil i 31 láthair Ghaeltachta ar fud na tíre nuair a bheidh an togra tugtha chun críche.

Is féidir gach eolas a fháil ag www.gteic.ie