Ón saol sciobtha san Ardchathair go dtí an saol suaimhneach i mBéal an Mhuirthead

Déanann bean as Páras, Cynthia Baloula, cur síos pearsanta ar an deis a thapaigh sí a ngnóthaí domhanda a bhainistiú as mol nuálaíochta gteic sa nGaeltacht

27 Lúnasa, 2021

nóiméad léite

Is mise Cynthia Baloula agus tá dhá chomhlacht agam - CB Media agus an Video Marketing Academy.

Tugann CB Media cúnamh do chomhlachtaí díolacháin bhreise a dhéanamh ag úsáid straitéisí margaíochta físeán agus digiteach.  Tá an gnó seo lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus táim á bhainistiú as an ionad gteic i mBéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo anois.

Nuair a tháinig COVID-19 aniar aduaidh orainn agus nuair a cuireadh dianghlasáil i bhfeidhm, cuireadh ár gcuid áirithintí ar ceal, chaill muid 90% dár n-ioncam tuartha thar oíche.

Bhí ísle brí orm agus d’airigh mé nach raibh smacht agam ar a dhath riamh.  Cosúil le go leor úinéirí comhlachtaí eile amuigh ansin, b’éigean dom athrú a dhéanamh nó thiocfadh deireadh le mo ghnó.

Chonaic mé deis sa margadh agus cruthaigh mé an Video Marketing Academy le linn an chéad dianghlasáil.  Is gnó cóitseála ar líne atá ann a thaispeánann d’úinéirí chomhlachtaí beaga cén chaoi le físeán margaíochta a dhéanamh, rud a shábhálann airgead, agus cén chaoi físeán gairmiúil a dhéanamh ar fón cliste agus na físeáin seo a chur chun cinn ar líne chun cliaint a mhealladh.  Bhí ionadh agus gliondar an domhain orm nuair a d’éirigh thar cionn leis an ngnó nua.

Bhí an chéad dianghlasáil sa gcathair crua.  Bhí sé deacair Alanna, m’iníon a bhí bliain d’aois ag an am, a choinneáil sa mbaile agus gan í a thabhairt chuig an bpáirc.  Nuair a d’oscail an tír arís, mhol mo pháirtí Dermot, aistriú amach as an gcathair go dtí áit a mbeadh caighdeán níos fearr saoil ag an teaghlach.

Labhair Dermot go minic faoin gceangal a bhí aige leis an Iarthar agus leis an nGaeilge.  Ba as an iarthar a sheanmhuintir.  D’fhoghlaim Dermot Gaeilge i nGaeltacht Cheathrú Thaidhg agus bhí an-tóir aige ar an teanga.  Mar sin dúirt sé go mba cheart dúinn bogadh go Béal an Mhuirthead.

Ní raibh mise róchinnte faoi seo, is breá liom an chathair. Is as Páras mé agus bhí mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath le scór bliain anuas.

Ach anois ag breathnú siar ba chinneadh iontach a bhí ann bogadh anseo.  Tá Béal an Mhuirthead go hálainn, tá an caighdeán saoil anseo iontach agus is féidir liom a bheith ag obair as mol digiteach gteic gan aon stró mar a bhí mé i mBaile Átha Cliath.

Tá an-tacaíocht ar fáil ann agus tá na háiseanna do chomhlachtaí agus an leathanbhanda ar ardluais an-mhaith ar fad.

Faigheann mé tacaíocht den scoth ó Údarás na Gaeltachta maidir le spás oifige agus comhairle.  Tá na háiseanna agus an tacaíocht atá ar fáil in ionad gteic ar chaighdeán an-ard agus is iontach an deis é do dhaoine atá ag iarraidh athlonnú agus bogadh anseo chun dul i mbun cianoibre nó a ngnó féin a bhunú.

Is áit iontach é an Ghaeltacht le dul i mbun cónaithe, i mbun oibre agus i mbun gnó ann!

Is í Cynthia Baloula Bunaitheoir agus Stiúrthóir Bainistíochta CB Media, ceann de ghníomhaireachtaí margaíochta digiteach agus léiriú físeán is mó san Eoraip, agus an Video Marketing Academy atá sí ag rith as gteic@Béal an Mhuirthead i nGaeltacht Mhaigh Eo. www.cbmedia.ie

Tá gteic@Béal an Mhuirthead lonnaithe ar Pháirc Ghnó Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Mhaigh Eo. Is mol nuálaíochta & digiteach den chineál is nua-aimseartha é, áit ina mbeidh cultúr uathúil na Gaeltachta ag cur cruthaitheachta agus nuálaíochta chun cinn. Tá gteic @Béal an Mhuirthead ina chuid de gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta agus mar chuid d’éiceachóras digiteach atá ag dul i méid, áit ina mbeidh moil i 31 láthair Ghaeltachta ar fud na tíre nuair a bheidh an togra tugtha chun críche.