ProAmpac Ghaoth Dobhair tar éis conradh na milliúin euro a shíniú le C&D Foods

Nuálaíocht pacáisíochta ag leanúint go gasta i nGaeltacht Dhún na nGall

17 Bealtaine, 2021

nóiméad léite

Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta fáilte a chur roimh fhógra ProAmpac, cliantchomhlacht dá chuid lonnaithe ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, go bhfuil conradh na milliúin euro sínithe acu le C&D Foods, rannóg bhia do pheataí de chuid an ABP Food Group, ceann de na próiseálaithe bia is mó san Eoraip.  Buanóidh an conradh seo, a mhairfidh cúpla bliain, áis ProAmpac i nGaeltacht Dhún na nGall mar sholáthróir straitéiseach pacáistíochta bhia do pheataí do chomhlacht C&D.

Ceaptar go gcuirfidh an conradh ar chumas an chomhlachta a shuíomh a mhéadú agus jabanna breise a chruthú, rud a chuirfidh go mór le Gaoth Dobhair a áireamh mar lárionad ó thaobh pacáistíocht bhia do pheataí agus pacáistíocht bia réidh le hithe.  Cuireann ProAmpac fostaíocht ar fáil do 200 duine go háitiúil i nGaoth Dobhair agus tá 5,200 fostaí acu ag 41 láthair ar fud an domhan.

Is comhlacht ceannródaíoch domhanda pacáistíochta solúbtha é ProAmpac le réimse cuimsitheach táirgí, ag cur réitithe pacáistíochta cruthaitheacha ar fáil, atá chun cinn san earnáil ó thaobh seirbhís do chustaiméirí agus nuálaíocht a bhfuil duaiseanna go leor bainte amach acu i margadh ilghnéitheach domhanda.

Ag cur fáilte roimh an bhfógra dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D.:

“Is scéal iontach é seo do ProAmpac, an fhoireann agus pobal Ghaoth Dobhair i gcoitinne.  Cinnteoidh an conradh seo go mbeidh bonn seasmhach faoin bhfostaíocht sa gceantar, áit a bhfuil borradh tagtha faoin bhfostaíocht le blianta beaga anuas.  Bainfidh pobal Ghaoth Dobhair agus an ceantar máguaird leas as an togra luachmhar seo, áit a mbeidh táirgí inbhuanaithe a dhéantar sa gceantar Gaeltachta seo á seoladh ar fud na hEorpa.”

Chuir Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Spóirt agus Gaeltachta, Jack Chambers, T.D., fáilte roimh an bhfógra chomh maith agus dúirt:

“Is fógra suntasach é seo do Ghaeltacht Dhún na nGall maidir le cruthú fostaíochta san áit chomh maith le tacú leis na poist reatha atá ann.  Tharla sé seo de bharr nuálaíochta agus tiomantais leanúnach na foirne ag ProAmpac agus cinnteoidh an conradh mór seo go leanfaidh an comhlacht ag fás agus ag forbairt agus iad ina gceannródaithe maidir le nuálaíocht na pacáistíochta inbhuanaithe.”

 D’fháiltigh John McDermott, Stiúrthóir Oibríochtaí ProAmpac, Gaoth Dobhair roimh an bhfógra:

“Is é tiomantas, dúthracht agus nuálaíocht na foirne agus na bainistíochta ag ProAmpac Ireland, agus an comhlacht a bhí ann roimhe, an chúis go bhfuil dul chun cinn mór déanta againn agus muid i mbun forbartha ar an gcomhlacht le 18 mí anuas agus infheistíochtaí agus conarthaí aimsithe againn chun seasmhacht a chinntiú ag tréimhse a raibh géarghá leis.  Tá muid ag súil go mór leis an gcomhpháirtíocht fhadtéarmach le comhlacht de stádas leithéid C&D Foods agus go leanfar leis an nuálaíocht dár gcuid custaiméirí ar fad.  Deis a bheidh anseo dár gcuid comhlachtaí dul i gcomhar lena chéile chun nuálaíocht den scoth maidir le pacáistíocht a fhorbairt in Éirinn agus ar fud na hEorpa.  Is comhpháirtíocht í a éascóidh leathnú an táirgthe agus na fostaíochta ag ProAmpac Ireland agus muid ag athshuíomh na háise mar mhol domhanda i dtaobh pacáistíochta inbhuanaithe do bhia do pheataí agus beilte réidh le hithe.”

Thar ceann an Bhoird dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta:

“Thar ceann Bhord Údarás na Gaeltachta, cuirim fáilte roimh an bhfógra seo agus déanaim comhghairdeachas le ProAmpac agus an fhoireann ansin as an bhforbairt shuntasach seo a aimsiú don ghnó, rud a chruthóidh poist bhreise i nGaeltacht Dhún na nGall.  Is léiriú eile é seo ar céard is féidir a chur i gcrích i gceantair tuaithe na hÉireann agus ní aon eisceacht é ceantar iarthuaisceart Dhún na nGall ina leith sin.”

Chuir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh leis an méid a bhí ráite:

“Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte mhór roimh an bhfógra faoin gconradh suntasach seo do ProAmpac rud a chinnteoidh fás agus forbairt leanúnach an chomhlachta ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, agus iad mar chuid dhílis den Pháirc le 24 bliain anuas. Is dea-scéala chomh maith an feachtas earcaíochta reatha agus go mbeidh 20 post breise mar chuid den rath agus fás atá ag teacht ar an gcomhlacht.  Cinnteoidh nuálaíocht agus cruthaitheacht leanúnach an chomhlachta, an fhoireann ardoilte chomh maith lena gcur chuige i dtaobh na hinbhuanaitheachta go mbeidh saol fada acu i nDún na nGall.”