Ag Forbairt Ionaid Cuairteoirí sa nGaeltacht

Seimineáir ag díriú ar chúrsaí turasóireachta an tsamhraidh

13 Bealtaine, 2021

nóiméad léite

Fanad head at Donegal, Ireland with lighthouse at sunset

Reáchtálfaidh Údarás na Gaeltachta seimineáir thar dhá mhaidin an 19ú agus 20ú Bealtaine ag díriú ar ionaid cuairteoirí sa nGaeltacht agus an bealach is fearr leis na hionaid seo a fhorbairt.  Déanfar cur síos ar na gnéithe ar fad atá de dhíth chun ionad spéisiúil agus taitneamhach a chur ar fáil do chuairteoirí i mbliana.

Beidh saineolaithe i láthair chun treoir agus leideanna a thabhairt don lucht éisteachta maidir le traenáil do threoraithe, comhairle faoi mhiondíol, córais do thicéid a chur in áit agus conas scéal na háite a insint.  Beidh Foireann Ionad Cuairteoirí Fháilte Éireann i láthair chomh maith chun a gcuid saineolais a roinnt leis an lucht spéise.

Tá na seisiúin dírithe ar ghnóthaí turasóireachta, áiseanna turasóireachta agus gach ní a bhaineann le hionaid do thurasóirí sa nGaeltacht agus a bheith chomh réitithe agus is féidir do shéasúr na turasóireachta in Éirinn agus na ceantair áille Gaeltachta a mbeidh an-tóir orthu agus muintir na tíre ag caitheamh a gcuid saoire sa mbaile arís i mbliana.

Is féidir clárú do na seimineáir ar Eventbrite anseo: https://bit.ly/3eu8vjb

Dé Céadaoin      19/05/21             ón 9.30 – 12.00

Déardaoin           20/05/21             ón 9.30 – 12.00