Ciste €150,000 ar fáil do chomhlachtaí beaga Gaeltachta chun a ngnó a neartú ar líne

An-tóir ar Scéim Trádála Ar Líne Údarás na Gaeltachta atá oscailte in athuair

26 Aibreán, 2021

nóiméad léite

Tá ciste de €150,000 á chur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do ghnóthaí beaga Gaeltachta chun iad a ghríosú níos mó gnó a dhéanamh ar líne.  Beidh dearbháin trádála ar líne de luach €2,500 nó 50% den chaiteachas incháilithe ar fáil do suas le 60 gnó nó eagraíocht chun cuidiú leo níos mó díolacháin a dhéanamh ar líne.

 

Is í an aidhm atá leis an scéim ná líon na ngnóthaí beaga Gaeltachta atá ag trádáil ar líne a mhéadú agus chomh maith leis sin díolacháin ghnóthaí Gaeltachta ar líne a ardú freisin. Cuirfidh an Scéim Trádála Ar Líne ar chumas ghnóthaí Gaeltachta a gcuid trádála ‘ar líne’ a fhorbairt agus a neartú.

 

Bhí an-éileamh ar an scéim le linn 2020 nuair a bhuail paindéim COVID-19 agus ceadaíodh 263 iarratas ar thacaíocht - 118 do chomhlachtaí i réigiún an Iarthair, 74 i réigiún an Deiscirt agus 71 ceadaithe do chomhlachtaí i réigiún an Tuaiscirt.

Tá tacaíocht luachmhar tugtha ag an scéim seo do ghnóthaí beaga agus móra Gaeltachta ó seoladh í in 2017 chun cur lena gcumas margaí nua a aimsiú agus líon níos mó seirbhísí agus táirgí a dhíol ‘ar líne’ agus mar thoradh air seo, tacú le buanú agus forbairt na bunsraithe fostaíochta i rith na tréimhse seo.

 

Ag labhairt di maidir le seoladh nua na scéime dúirt Cathaoirleach an Údaráis Anna Ní Ghallachair:

“Tá lúcháir ar Bhord an Údaráis an ciste seo a cheadú chun an Scéim Trádála Ar Líne a fhógairt arís do 2021. Tá an-chuidiú tugtha ag an scéim do ghnóthaí beaga Gaeltachta le cúpla bliain agus go mór mór le bliain anuas agus cúrsaí COVID-19 tagtha aniar aduaidh ar chomhlachtaí Gaeltachta agus náisiúnta.  Léirigh an scéim chomh tábhachtach is atá sé láithreacht ar líne a bheith ag comhlacht agus níos tábhachtaí fós ábaltacht an chomhlachta díol ar líne.”

 

Thacaigh an Príomhfheidhmeannach Mícheál Ó hÉanaigh leis an méid a bhí le rá ag an gCathaoirleach:

“Tháinig an Scéim Trádála Ar Líne i gcabhair ar chomhlachtaí a bhí i gcruachás le bliain anuas agus léirigh sé an deis atá ann do chomhlachtaí margaí nua a aimsiú agus líon níos mó seirbhísí agus táirgí a dhíol ar líne.  Tabharfaidh an tacaíocht ón deontas seo spreagadh do chomhlachtaí a bheith cruthaitheach agus táirgí nó seirbhísí nua a chur ar fáil do dhaoine ní amháin sa mbaile ach níos faide i gcéin.”

 

Tá an scéim seo dírithe ar ghnóthaí ina bhfuil suas le deichniúr fostaithe, atá i mbun gnó le 6 mhí anuas ar a laghad, a bhfuil láimhdeachas níos lú ná €2m sa bhliain acu, agus gnóthaí gur mian leo suíomh idirlín ríomhthráchtála (seachas suíomh margaíochta) a fhorbairt.

Glacfar le hiarratais ó fhiontair shóisialta Ghaeltachta agus ó ghnóthaí san earnáil fhorbartha pobail Ghaeltachta faoin scéim a fhad agus go bhfuil bunús tráchtála leis an iarratas.

 

Tá gach eolas maidir leis an scéim le fáil ag Scéim Trádála Ar Líne