Meitheal Oibre Údarás na Gaeltachta ag méadú don chéad uair le deich mbliana

6 phost bhuana fógartha i réimsí airgeadais, maoine agus riaracháin

23 Aibreán, 2021

nóiméad léite

Tá méadú le theacht ar bhuíon oibre bhuan Údarás na Gaeltachta don chéad uair le hos cionn deich mbliana agus 6 phost bhuana fógartha san eagraíocht inniu.  Tá na poist fógartha i réimsí airgeadais, maoine, agus riaracháin ag leibhéil Ard-Oifigigh Feidhmiúcháin agus Oifigigh Feidhmiúcháin.  Léireoidh an earcaíocht seo méadú de cheithre phost nua ar fhoireann bhuan Údarás na Gaeltachta agus cuirfidh sí go mór le hobair fhorleathan na heagraíochta agus é mar aidhm aici pobal agus geilleagar fuinniúil, rathúil, inbhuanaithe Gaeltachta a fhorbairt.

 

Le tacaíocht agus le cead na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus de réir threoirlínte an Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí i gcomhar leis an tSeirbhís Ceapacháin Poiblí fógraíodh na folúntais seo a leanas inniu:

 

Oifigeach Soláthair Phoiblí & Íocaíochta

Cuntasóir Cúnta

Oifigeach Íocaíochtaí Deontas

Chun tacú le feidhm Airgeadais agus Soláthair Phoiblí na heagraíochta.

 

Oifigeach Seirbhísí Corparáideacha

Chun tacú le feidhm riaracháin chorparáideach na heagraíochta.

 

Bainisteoir Tograí & Sláinte agus Sábháilteachta

Suirbhéir Cainníochta

Chun tacú le feidhm maoine agus tógála na heagraíochta.

 

Ag labhairt di maidir leis an bhfógra dúirt Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair:

“Thar ceann an Bhoird cuirim an-fháilte roimh na poist bhuana seo. Is vóta muiníne iad in obair na heagraíochta agus sna feidhmeanna atá faoina cúram.  Is deis a bheidh ann roinnt den ghearradh siar a rinneadh sna blianta siar a chur ina cheart agus níos mó tograí a chur i gcrích thar ceann phobal na Gaeltachta. Tacóidh na poist freisin le fís na heagraíochta pobal inbhuanaithe Gaeltachta a chothú áit arb í an Ghaeilge príomhtheanga an phobail, le heacnamaíocht láidir a bhaineann úsáid as na hacmhainní go léir atá ar fáil sa Ghaeltacht le caighdeán maireachtála den chéad scoth chothú.”

 

Labhair Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, faoin bhfógra suntasach seo chomh maith:

“Is scéal iontach atá sa bhfógra seo don eagraíocht agus do mhuintir na Gaeltachta agus deis againn treisiú ar ár gcuid iarrachtaí an Ghaeltacht agus na daoine ann a chur chun cinn, an phleanáil teanga a chur i bhfeidhm, cúrsaí fiontraíochta agus fostaíochta a neartú tuilleadh agus cúrsaí forbartha pobail a leathnú.  Cabhróidh an méadú seo ar líon na foirne ár straitéis nua, atá le seoladh go gairid, a fheidhmiú agus réimsí tábhachtacha airgeadais, riaracháin agus sláinte & sábháilteachta a threisiú tuilleadh. Léiríonn sé tús freisin ar mhéadú gur mian linn a chur ar acmhainní Údarás na Gaeltachta chun gur féidir an taoide a chasadh de chuid agus díriú ar na dúshláin atá ann seirbhísí cuí a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta ó tháinig laghdú ar bhuiséid agus foireann na heagraíochta roinnt blianta siar.”

 

Is comórtas oscailte é seo a bheidh á reáchtáil de réir threoirlínte an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (CPSA), tá critéir, cáilíochtaí agus sonraí iomlána na bpost le fáil ag www.udaras.ie agus www.publicjobs.ie.   Is fostóir comhionnanais é Údarás na Gaeltachta agus is í an Ghaeilge teanga oibre na heagraíochta.

 

Post Leibhéal/Grád Spriocdháta
Oifigeach Soláthair Phoiblí & Íocaíochta Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin 4pm, 14/05/2021
Cuntasóir Cúnta Cuntasóir Cúnta/Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin 4pm, 14/05/2021
Bainisteoir Tograí & Sláinte agus Sábháilteachta Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin 4pm, 17/05/2021
Suirbhéir Cainníochta Suirbhéir Cainníochta/Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin 4pm, 17/05/2021
Oifigeach Seirbhísí Corparáideacha Oifigeach Feidhmiúcháin 4pm, 21/05/2021
Oifigeach Íocaíochtaí Deontas Oifigeach Feidhmiúcháin 4pm, 21/05/2021