Táirge ó Ghaeltacht na Rinne i lár an Tí Bháin

Babhla criostal déanta i nGaeltacht Phort Láirge bronnta ar Joseph R. Biden Jr.

18 Márta, 2021

nóiméad léite

Ba mhaith le hÚdarás na Gaeltachta comhghairdeachas a dhéanamh le Criostal na Rinne, a fuair clúdach iontach le gairid, as an mbabhla criostail a rinneadh sa Rinn i gCo. Phort Láirge a bheith mar chuid de thraidisiún fada idir an tír seo agus Stáit Aontaithe Mheiriceá an 17ú Márta.  Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta a bheith ag tacú leis an gcomhlacht breá Gaeltachta seo.

Seoladh an babhla criostail chomh fada le 1600 Pennsylvania Avenue an tseachtain seo caite mar chuid den traidisiún fada a bhaineann le Lá Fhéile Pádraig áit a dtugtar babhla criostail le seamróga d’Uachtarán na Stát Aontaithe.

Ba é Eamonn Turraoin, úinéir Chriostal na Rinne, a dhear agus a ghearr an babhla de láimh. Tá dearadh an bhabhla bunaithe ar an dóchas, ar an stair agus ar an nasc speisialta atá idir an dá tír.  D’fhoghlaim Eamonn a cheird sa gcomhlacht mór le rá Waterford Crystal agus bhunaigh sé a chomhlacht féin Criostal na Rinne in 1987.