Aghaidh ar an Áise

11 Nollaig, 2020

nóiméad léite

SEIMINEÁR : AGHAIDH AR AN ÁISE -

CLÁRAIGH ANSEO : https://www.eventbrite.ie/e/aghaidh-ar-an-aise-tickets-131037704301

Nasc chuig an Seimineár anseo: https://zoom.us/j/97389678200

 

Aghaidh ar an Áise 

Seimineár eolais i dtaca le deiseanna gnó i margaí na hÁise 

Dé hAoine, 11/12/20

 

Tá fás ollmhór tagtha ar mhargaí na hÁise le blianta anuas agus meastar nach fada go mbeidh an tSín mar phríomhgheilleagar na cruinne.  Tá seimineár i nGaeilge á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta ar líne an 11 Nollaig 2020 le léargas a thabhairt ar na deiseanna atá ar fáil sa mhór-roinn fíor-thábhachtach seo d’fhiontraithe agus do chomhlachtaí na Gaeltachta agus na tíre. Roinnfidh na cainteoirí, a bhfuil saintaithí acu ar mhargaí agus ar shaol na hÁise, a dtaithí agus a gcomhairle ag an seimineár ar líne.

Táthar ag súil go spreagfaidh an ócáid seo fiontraithe agus comhlachtaí le haghaidh a thabhairt soir ar an gCianoirthear agus deiseanna fáis agus forbartha sna blianta amach romhainn a aithint agus a thapú.  Anois an t-aim agus an Breatimeacht ar na bacáin go mbeadh comhlachtaí Gaeltachta ag fiosrú na féidearthachtaí a bhaineann le margaí nua.

SEIMINEÁR : AGHAIDH AR AN ÁISE - CLÁRAIGH ANSEO : https://www.eventbrite.ie/e/aghaidh-ar-an-aise-tickets-131037704301