Ócáid Chomórtha 40 Bliain Údarás na Gaeltachta á thionól ar line

29 Deireadh Fómhair, 2020

nóiméad léite

40 Bliain Udaras na Gaeltachta

Beidh ócáid chomórtha ar siúl ar líne ag 2pm inniu ina ndéanfar ceiliúradh ar 40 bliain ó bunaíodh Údarás na Gaeltachta in 1980.

Déanfaidh Cathaoirleach an Údaráis Anna Ní Ghallachair, leabhar comórtha a sheoladh, tabharfaidh Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh, léargas ar obair reatha na heagraíochta.

Beidh comhrá le hiar-chomhaltaí boird de chuid an chéad bhoird de chuid an Údaráis, TP Ó Conchúir as Ciarraí, Máire Nic Niallais as Dún na nGall agus Seán Ó Neachtain as Conamara.

Chomh maith leis sin déanfar taispeántas ealaíne, a choimisiúnaigh Údarás na Gaeltachta go speisialta i gcomhar le hEalaín na Gaeltachta do chomóradh 40 Bliain Údarás na Gaeltachta, a sheoladh ar líne ó ghailearaí Ghaoth Dobhair chomh maith.

Is ar an gcóras Zoom a dhéanfar an ócáid a reachtáíl agus lean an nasc seo le dhul chuig an ócáid https://zoom.us/j/94823397879

40-Bliain