Cabhraigh linn ár láithreán gréasáin a fheabhsú

Údarás na Gaeltachta ag tacú le scéim ‘Glúin Nua’ ciste maoinithe nua do stiúrthóirí, léiritheoirí agus scríbhneoirí nua

Údarás na Gaeltachta ag tacú leis an scéim ‘Glúin Nua’ chun ábhar gearrfhoirme a chruthú trí mheán na Gaeilge

10 Iúil, 2020

nóiméad léite

Fibín

Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta a bheith ag tacú le ‘Glúin Nua’ – ciste maoinithe nua do stiúrthóirí, léiritheoirí agus scríbhneoirí nua chun ábhar gearrfhoirme úr, nuálach agus siamsúil a choimisiúnú do lucht féachana óg.  Comhpháirtíocht atá sa scéim idir TG4, Údarás na Gaeltachta, Údarás Craolacháin na hÉireann agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann (ILBF) i gcomhar le Gréasán na Meán Skillnet chun tacú le tallann nua stiúrthóirí, scríbhneoirí agus léiritheoirí atá teacht chun cinn sa tionscal. Seoladh Glúin Nua ag Fleadh Scannán na Gaillimhe inniu mar chuid d’fhéile na bliana seo atá ar siúl ar líne ón 7 go dtí an 12 Iúil.

"Cuireann an tionscnamh tacaíocht dhíreach ar fáil maidir le haidhmeanna agus cuspóirí Phlean Gníomhaíochta an BAI don Ghaeilge, a seoladh in 2019 chun tacaíocht a chur ar fáil i ndáil le forbairt na Gaeilge ar fud earnáil chlosamhairc na hÉireann"

CEO of the Broadcasting Authority of Ireland, Michael O'Keeffe

Faoin tionscnamh seo cuirfear ciste coimisiúnaithe agus tacaíocht mheantóireachta ar fáil chun tallann nua a chothú i dtionscal chlosamhairc na hÉireann. Tabharfaidh comhlachtaí léiriúcháin deis do ghlúin nua scéalaithe teacht chun cinn chomh maith le meantóireacht, chun tacú leo bunábhar Gaeilge nuálach dírithe ar an aoisghrúpa 16 – 34 a chruthú.  Beidh an t-ábhar seo á chraoladh go digiteach ar ardáin TG4 ar líne ar dtús, chomh maith len é a chraoladh go líneach ina dhiaidh sin nuair is cuí.

Is trí chomhpháirtíocht idir TG4, Údarás na Gaeltachta, Údarás Craolacháin na hÉireann agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann (ILBF) i gcomhar le Gréasán na Meán Skillnet a chuirtear tacaíocht ar fáil don chiste coimisiúnaithe seo ar fiú €240,000 ina iomláine é.

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: “Tá Údarás na Gaeltachta fíorshásta a bheith rannpháirteach sa scéim ‘Glúin Nua’, scéim a chuirfidh deiseanna fáis ar fáil don earnáil chlosamhairc, earnáil a bhfuil muid ag tacú léi le fada an lá.  Is cúis áthais dúinn a bheith i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara cuí ar an scéim seo chun deiseanna a chruthú do dhaoine óga le Gaeilge agus ón nGaeltacht le tosú amach san earnáil seo ar bhealach nuálaíoch agus spleodrach.  Le blianta fada anuas, leagadh béim ar leith ar oiliúint agus traenáil a chur ar an gcéad ghlúin eile i bhfoghlaim ceirde, rud a rachaidh chun sochair na teanga agus na Gaeltachta, tacóidh an scéim seo leis an gcuspóir sin chomh maith.”

Dúirt Lís Ní Dhálaigh, Stiúrthóir Margaíochta & Forbartha TG4: “Tá áthas ar TG4 an scéim seo a fhógairt chun tacaíocht a thabhairt do thallann nua san earnáil.  Is tosaíocht é do TG4 go mbeadh an cainéal ag freastal ar lucht féachana níos óige chomh maith le go mbeadh tacaíocht á thabhairt do ghlúin nua de lucht cruthaithe ábhair sa tionscal.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann, Michael O’Keeffe: “Tá áthas ar an BAI tacú leis an scéim seo, Glúin Nua, ciste tacaíochta a spreagfaidh glúin nua de stiúrthóirí, scríbhneoirí agus léiritheoirí i réimse na meán; agus a thabharfaidh ábhar nuálach, siamsúil chun cinn dírithe ar lucht féachana óg.  Cuireann an tionscnamh tacaíocht dhíreach ar fáil maidir le haidhmeanna agus cuspóirí Phlean Gníomhaíochta an BAI don Ghaeilge, a seoladh in 2019 chun tacaíocht a chur ar fáil i ndáil le forbairt na Gaeilge ar fud earnáil chlosamhairc na hÉireann.”

Dúirt Áine Walsh, Ceann Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann: “Is príomhghnéithe d’obair an ILBF iad scileanna a fhorbairt agus tá an-áthas orainn a bheith inár gcomhpháirtithe sa tionscnamh ar leith seo trína mbeidh comhlachtaí léiriúcháin bunaithe ábalta tallann nua agus tallann atá ag teacht chun cinn a bhfuil Gaeilge acu a chothú.”

Is féidir tuilleadh sonraí maidir leis an scéim Glúin Eile a fháil anseo: https://tg4.ie/coimisiun