Tuairimí an Phobail á lorg d’fhorbairt Choláiste Íosagáin, Baile Bhuirne

8 Aibreán, 2020

nóiméad léite

Coláiste Íosagáin

Tá Údarás na Gaeltachta ag lorg tuairimí an phobail maidir le forbairt Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí. Tá an-chion ag pobal Mhúscraí ar Choláiste Íosagáin agus tá an scoil sáite i stair Bhaile Bhuirne.  Anuraidh ceadaíodh maoiniú suntasach chun máistir phlean a chur le chéile d’athfhorbairt a dhéanamh ar an gcampas stairiúil seo ar mhaithe leis an dúiche, go háirithe lena fhorbairt mar Áis Oiliúna/Oideachais, áis turasóireachta chultúrtha, áis forbartha gnó agus mar mhol digiteach & nuálaíochta.

"Ceadaíodh €180,000 faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe don Údarás chun máistir phlean a ullmhú don suíomh"

Ceadaíodh €180,000 faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe don Údarás chun máistir phlean a ullmhú don suíomh, lena chinntiú go mbeadh tionchar dearfach ó thaobh cúrsaí sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta ar an gceantar áitiúil agus ar an réigiúin i gcoitinne.  Chomh maith leis sin ceadaíodh €2.7m faoin Ciste um Fhorbairt Fiontraíochta Réigiúnaí (REDF) chun Mol Forbartha Réigiúnach a bhunú. Cruthóidh an Mol Forbartha Réigiúnach deiseanna fostaíochta breise agus déanfar bonn fiontraíochta na dúiche a leathnú agus a láidriú dá bharr.

"Chomh maith leis sin ceadaíodh €2.7m faoin Ciste um Fhorbairt Fiontraíochta Réigiúnaí (REDF) chun Mol Forbartha Réigiúnach a bhunú"

Cheap Údarás na Gaeltachta foireann faoi scáth Pháirtithe Rannpháirtíochta Pobail (Community Engagement Partners) chun na gnéithe sóisialta agus eacnamaíochta den mháistir phlean a ullmhú.  Fuair an grúpa seo ionchur ó pháirtithe leasmhara éagsúla le míonna beaga anuas, agus ba mhaith leo anois smaointí agus moltaí an phobail áitiúil a chur leis an eolas atá bailithe go dáta.

De bharr na géarchéime COVID-19 caithfear na tuairimí seo a lorg ar líne seachas trí chruinnithe poiblí agus imeachtaí eile.  Is féidir le daoine ról tábhachtach a bheith acu i dtodhchaí Choláiste Íosagáin ach an gceistneoir a líonadh.