Cruinniú Boird d’Údarás na Gaeltachta tionólta in Ardoifig an Údaráis sna Forbacha, Co. na Gaillimhe
Tograí
Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta, a tionóladh in Ardoifig an Údaráis sna Forbacha i gContae na Gaillimhe inniu (06/12/19), cheadaigh an Bord líon tograí ina mbeidh os cionn 85 post nua lán aimseartha á gcruthú iontu agus ina mbeidh infheistíocht iomlán d’os cionn €4.39m sa nGaeltacht i gceist leo as seo go ceann roinnt blianta, idir infheistíocht na gcomhlachtaí féin agus tacaíocht an Údaráis, nuair atá na tograí sin faoi lán seoil. Is le tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí Gaeltachta i gCo. Mhaigh Eo, Gaillimh, Dhún na nGall, Ciarraí agus Corcaigh a bhain formhór na dtograí a ceadaíodh ag an gcruinniú.
Seoladh Tograí Eorpacha Access2Sea, SW-GROW, Emporia4KT
Sheol Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair agus Uachtarán Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Ciarán Ó hÓgartaigh trí thogra Eorpach a bhfuil Údarás na Gaeltachta páirteach iontu sna Forbacha inniu. Tá na tograí seo cómhaoinithe ag an gCoimisiún Eorpach tríd an gclár INTERREG agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa.
D’éirigh le hÚdarás na Gaeltachta maoiniú suas le €2.38 milliún a aimsiú le roinnt míonna anuas do 8 gclár Eorpach atá idir lámha acu agus baineann na trí cinn a seoladh inniu Access2Sea, SW-GROW agus EMPORIA4KT le tograí agus taighde ar chúrsaí mara. Tá triúr as Conamara fostaithe in Údarás na Gaeltachta sna Forbacha le tacaíocht an mhaoinithe Eorpaí chun an trí thogra seo a chur chun cinn, is iad sin Noreen Breathnach, Clíodhna Ní Ghríofa agus Micheál Ó Dubháin.
Tá na tograí ceangailte le páirtithe san Eoraip ina measc institiúidí tríú leibhéal, áit a bhfuil taighde agus nuálaíocht á gcur chun cinn tríd na tograí seo. Tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Westbic agus roinnt comhlachtaí feamainne i gConamara páirteach sna tograí seo chomh maith a rachaidh chun leasa pobail agus gnóthaí na Gaeltachta de bharr an saineolais agus an taighde a dhéanfar ar an ábhar sna Gaeltachtaí.
Tuairisc Fhóram Fiontraíochta na Mí
Chuir Bord Údarás na Gaeltachta fáilte roimh sheoladh Tuairisc Fhóram Fiontraíochta na Mí le Príomh Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin i rith na seachtaine a mbeidh sé mar sprioc aige fócas nua a dhíriú ar chreatlach a fhorbairt chun Ráth Chairn/Baile Ghib, ceantar Gaeltachta atá gar do Bhaile Átha Cliath, a thógáil, a fhorbairt agus aird níos géire a chur air mar réigiún iomaíoch agus rathúil do chruthú post. Is iad na príomhmholtaí atá leagtha amach ag an tuairisc ná:
Buiséad de €4.425m ceadaithe don Fhorbairt Pobail, Teanga & Eagraíochtaí Forbartha Pobail do 2020
Tá buiséad iomlán de €4.425m ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta chun maoiniú a dhéanamh ar fheidhmiú Chlár Forbartha Pobail agus Teanga na heagraíochta do 2020. San áireamh sa gclár seo bíonn soláthar maoinithe bhliantúil fhochuideachtaí na heagraíochta Muintearas CTR, Ealaín (na Gaeltachta) CTR agus Comhar Naíonraí na Gaeltachta CTR chomh maith le deontais reáchtála na n-eagraíochtaí forbartha pobail.
Tá méadú de €200,000 tagtha ar an mbuiséad atá á chur ar fáil don chlár seo do 2019. Cuireann an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta soláthar bhliantúil ar fáil don Chlár Forbartha Pobail agus Teanga agus cuireann an tÚdarás an fuílleach den bhuiséad ar fáil as a chistí féin.
Buiséid Bhliantúil Fhochuideachtaí Údarás na Gaeltachta
Tá soláthar de €1.54m ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta d’fhochuideachtaí na heagraíochta lena gcláir oibre bhliantúla a chur i bhfeidhm in 2020.
Buiséid Forbartha Pobail agus Teanga
Tá soláthar de €429,000, a léiríonn méadú de €52,000, ceadaithe do scéimeanna éagsúla a chuireann cúrsaí forbartha pobail, teanga agus turasóireachta chun cinn.
Deontais Reáchtála na nEagras Forbartha Pobail
Cuireann Údarás na Gaeltachta maoiniú reáchtála ar fáil do 33 eagras pobail, idir chomharchumainn agus comhlachtaí pobalbhunaithe, chun cur ar a gcumas tabhairt faoi chlár forbartha pobail ina gceantar feidhme atá dírithe ar riachtanais an phobail áitiúil. Tá na Comharchumainn Ghaeltachta mar chuid lárnach de dhúshraith forbartha na Gaeltachta agus ról lárnach acu i gcur i bhfeidhm aidhmeanna agus cuspóirí ‘Phlean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018-2020’ agus an ‘Plean Gníomhaíochtaí don Ghaeilge 2018-2022’. Tá ról lárnach acu i bhfeidhmiú na bPleananna Teanga ina gceantair éagsúla chomh maith le tacú le forbairt ghréasán gteic, cur chun cinn tograí turasóireachta cultúrtha agus beifear ag breathnú ar na féidearthachtaí do chomharchumainn maidir le hearnáil an fhuinnimh in-athnuaite, i measc tosaíochtaí eile.
Tá soláthar de €2,371,000 ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta do dheontais reáchtála na neagrais phobail do 2020. Foilseofar sonraí ar mhaoiniú na n-eagras aonair in am trátha.
Tograí Speisialta
Soláthar d’Fheidhmiú Pleananna Gníomhaíochta
Tá soláthar speisialta san áireamh do 2020 d’eagrais atá ag plé le cur i bhfeidhm plean gníomhaíochta a foilsíodh ina gceantair i rith 2019 in Uíbh Ráthach, Gaeltacht na Mí agus Iorras Aithneach. Tá €20,000 ceadaithe chun tacú le feidhmiú Plean Gníomhaíochta Forbartha 5 Bhliana d’Iorras Aithneach agus tá €30,000 ceadaithe chun tacú le Plean Fhóram Fiontraíochta na Mí a foilsíodh i rith na seachtaine. Tá maoiniú breise á mholadh freisin chun tacú le duine a fhostú le tabhairt faoin gclár oibre atá ag éirí as tuairisc Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh i gcomhair le maoiniú atá ceadaithe faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe don ról.
Seirbhísí Meantóireachta agus Comhairleoireachta.
Mar thoradh ar an suirbhé agus an seisiún eolais a eagraíodh leis na heagrais fhorbartha i mí Mheán Fómhair, léiríodh go raibh gá le tacaíocht bhreise i réimsí ar leith chun cuidiú leis na heagrais a gcuid oibre a dhéanamh agus cur lean gcuid gníomhaíochtaí. Na tacaíochtaí is mó a ardaíodh ná seirbhísí comhairleoireachta agus meantóireachta i réimsí an airgeadais, acmhainní daonna agus margaíochta.
Ag freagairt d’éilimh na nEagras Forbartha tá sé i gceist go mbeadh seirbhísí meantóireachta/comhairleoireachta ar fáil do na heagrais fhorbartha, de réir mar a theastaíonn sé trasna réimsí éagsúla gnó le bheith ar fáil. Meastar go rachadh an tacaíocht seo go mór chun leasa feidhmiú na n-eagras forbartha agus thabharfadh sé tacaíocht dóibh a gcuid gníomhaíochtaí a fhás agus a fhorbairt. Beidh teacht ag chuile eagras ar na seirbhísí seo agus mar thoradh air seo, ba chóir go laghdófaí costais dhíreacha na n-eagras féin. Tá buiséad de €65,000 ceadaithe chun an tseirbhís seo a chur ar fáil do na heagrais fhorbartha do 2020.
An Ciste Forbartha Pobail, Forbartha Teanga & Eagraíochtaí Forbartha Pobail 2020
2020 | |
Soláthar | |
€ | |
Comhar Naíonraí na Gaeltachta CTR | 535,000 |
Muintearas CTR | 640,000 |
Ealaín (na Gaeltachta) CTR | 365,000 |
Clár um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDP) | 140,000 |
Imeachtaí agus Gníomhaíochtaí Buanaithe Teanga | 106,000 |
Forbairt ar Thurasóireacht Chultúrtha | 90,000 |
Soláthar do bhunú gréasán gteic | 35,000 |
An Scéim Fiontar Pobail | 58,000 |
Deontas Reáchtála na nEagras Pobail | 2,456,000 |
Iomlán | €4,425,000 |