Cruinniú Boird d’Údarás na Gaeltachta tionólta in Ardoifig an Údaráis sna Forbacha, Co. na Gaillimhe

6 Nollaig, 2019

nóiméad léite

Áras Éanna

Cruinniú Boird d’Údarás na Gaeltachta tionólta in Ardoifig an Údaráis sna Forbacha, Co. na Gaillimhe

 

Tograí

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta, a tionóladh in Ardoifig an Údaráis sna Forbacha i gContae na Gaillimhe inniu (06/12/19), cheadaigh an Bord líon tograí ina mbeidh os cionn 85 post nua lán aimseartha á gcruthú iontu agus ina mbeidh infheistíocht iomlán d’os cionn €4.39m sa nGaeltacht i gceist leo as seo go ceann roinnt blianta, idir infheistíocht na gcomhlachtaí féin agus tacaíocht an Údaráis, nuair atá na tograí sin faoi lán seoil. Is le tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí Gaeltachta i gCo. Mhaigh Eo, Gaillimh, Dhún na nGall, Ciarraí agus Corcaigh a bhain formhór na dtograí a ceadaíodh ag an gcruinniú.

 

 

Seoladh Tograí Eorpacha Access2Sea, SW-GROW, Emporia4KT

Sheol Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair agus Uachtarán Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Ciarán Ó hÓgartaigh trí thogra Eorpach a bhfuil Údarás na Gaeltachta páirteach iontu sna Forbacha inniu. Tá na tograí seo cómhaoinithe ag an gCoimisiún Eorpach tríd an gclár INTERREG agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa.

D’éirigh le hÚdarás na Gaeltachta maoiniú suas le €2.38 milliún a aimsiú le roinnt míonna anuas do 8 gclár Eorpach atá idir lámha acu agus baineann na trí cinn a seoladh inniu Access2Sea, SW-GROW agus EMPORIA4KT le tograí agus taighde ar chúrsaí mara. Tá triúr as Conamara fostaithe in Údarás na Gaeltachta sna Forbacha le tacaíocht an mhaoinithe Eorpaí chun an trí thogra seo a chur chun cinn, is iad sin Noreen Breathnach, Clíodhna Ní Ghríofa agus Micheál Ó Dubháin.

Tá na tograí ceangailte le páirtithe san Eoraip ina measc institiúidí tríú leibhéal, áit a bhfuil taighde agus nuálaíocht á gcur chun cinn tríd na tograí seo. Tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Westbic agus roinnt comhlachtaí feamainne i gConamara páirteach sna tograí seo chomh maith a rachaidh chun leasa pobail agus gnóthaí na Gaeltachta de bharr an saineolais agus an taighde a dhéanfar ar an ábhar sna Gaeltachtaí.

 

 

Tuairisc Fhóram Fiontraíochta na Mí

Chuir Bord Údarás na Gaeltachta fáilte roimh sheoladh Tuairisc Fhóram Fiontraíochta na Mí le Príomh Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin i rith na seachtaine a mbeidh sé mar sprioc aige fócas nua a dhíriú ar chreatlach a fhorbairt chun Ráth Chairn/Baile Ghib, ceantar Gaeltachta atá gar do Bhaile Átha Cliath, a thógáil, a fhorbairt agus aird níos géire a chur air mar réigiún iomaíoch agus rathúil do chruthú post. Is iad na príomhmholtaí atá leagtha amach ag an tuairisc ná:

  1. Spás fiontraíochta a fhorbairt, go háirithe mol nuálaíochta agus digiteach gteic mar chuid de ‘Ghréasán Digiteach na Gaeltachta’ (gteic) Údarás na Gaeltachta chun freastal ar fhiontraithe, lucht nuálaíochta, forbróirí coincheapanna, comhlachtaí nua-thionscanta agus cianoibrithe go háirithe.
  2. Chun plean agus táirgí saincheaptha turasóireachta cultúrtha/teangeolaíoch a fhorbairt, tacú leo agus a chur chun cinn do Ghaeltacht na Mí, i gcomhair le soláthraithe áitiúla, Comhairle Chontae na Mí, Fáilte Éireann agus gníomhaireachtaí réigiúnacha cuí.
  3. Chun leanúint leis an gcumarsáid le fostóirí (reatha agus amach anseo) ó thaobh iniúchtaí cuimsitheacha scileanna a dhéanamh d’fhonn aon riachtanas reatha scileanna a dheimhniú agus achoimre a dhéanamh ar riachtanais scileanna amach anseo chun go gcuirfí cúrsaí oiriúnacha oiliúna ar fáil chun an soláthar scileanna oiriúnacha sa gceantar a chur ar fáil.
  4. Chun cur le próifíl Ghaeltacht na Mí, mar áit chun gnó a lonnú agus a fhorbairt ann d’fhonn fiontraithe/fiontair i mbun leathnaithe a mhealladh ann chun a ngnóthaí a bhunú agus a fhorbairt, agus dá réir 60 post breise a chruthú thar 3 bliana (2019–2022).
  5. Tionól Forbartha Pobail do Ghaeltacht na Mí a bhunú chun tacú leis na grúpaí éagsúla pobail i nGaeltacht na Mí.

 

 

 

Buiséad de €4.425m ceadaithe don Fhorbairt Pobail, Teanga & Eagraíochtaí Forbartha Pobail do 2020

Tá buiséad iomlán de €4.425m ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta chun maoiniú a dhéanamh ar fheidhmiú Chlár Forbartha Pobail agus Teanga na heagraíochta do 2020. San áireamh sa gclár seo bíonn soláthar maoinithe bhliantúil fhochuideachtaí na heagraíochta Muintearas CTR, Ealaín (na Gaeltachta) CTR agus Comhar Naíonraí na Gaeltachta CTR chomh maith le deontais reáchtála na n-eagraíochtaí forbartha pobail.

Tá méadú de €200,000 tagtha ar an mbuiséad atá á chur ar fáil don chlár seo do 2019. Cuireann an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta soláthar bhliantúil ar fáil don Chlár Forbartha Pobail agus Teanga agus cuireann an tÚdarás an fuílleach den bhuiséad ar fáil as a chistí féin.

 

Buiséid Bhliantúil Fhochuideachtaí Údarás na Gaeltachta

Tá soláthar de €1.54m ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta d’fhochuideachtaí na heagraíochta lena gcláir oibre bhliantúla a chur i bhfeidhm in 2020.

  • Ceadaíodh €535,000 do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta chun seirbhísí bainistíochta agus riaracháin a chur ar fáil do na seirbhísí luathbhlianta Gaeltachta atá ag feidhmiú trí Ghaeilge sa nGaeltacht.
  • Ceadaíodh €640,000 do Mhuintearas CTR chun tograí oiliúna, oideachais, óige agus luathoideachais a chur chun cinn. Léiríonn sé seo méadú de €10,000 ar bhuiséad 2019.
  • Ceadaíodh €365,000 d’Ealaín (na Gaeltachta) CTR chun clár cuimsitheach ealaíne a fheidhmiú sa nGaeltacht ag áireamh seirbhísí agus scéimeanna deontais, a thacaíonn le forbairt eagraíochtaí ealaíon agus le healaíontóirí aonair sa nGaeltacht. Léiríonn sé seo méadú de €8,000 ar bhuiséad 2019. Tá cómhaoiniú á chur ar fáil ag an gComhairle Ealaíon arís in 2020 freisin. Tá bliain mhór roimh Ealaín na Gaeltachta in 2020 le Gaillimh 2020 agus chuige sin tá sé beartaithe ag an eagraíocht imeacht faoi leith a eagrú le páirtnéirí ó sé thír Eorpach. Is taispeántas suntasach ealaíne ar ardchaigheáin a beidh in Óró, a bhfuil Darach Mac Con Iomaire ceaptha ina Léiritheoir Cruthaitheach air agus a bheidh ar siúl ar an gCeathrú Rua i mí Meán Fhómhair 2020.

 

Buiséid Forbartha Pobail agus Teanga

Tá soláthar de €429,000, a léiríonn méadú de €52,000, ceadaithe do scéimeanna éagsúla a chuireann cúrsaí forbartha pobail, teanga agus turasóireachta chun cinn.

  • Ceadaíodh soláthar airgid de €140,000 don Chlár um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDP) do dhá eagraíocht faoin scéim seo – Pobal le Chéile CDP CTR atá lonnaithe ar an bhFál Carrach, Co. Dhún na nGall agus CDP na Rosann CTR, An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall.
  • Ceadaíodh soláthar de €106,000 do réimse tacaíochtaí a chuireann an tÚdarás ar fáil d’imeachtaí agus do ghníomhaíochtaí teanga atá dírithe ar bhuanú, ar chur chun cinn agus ar fhorbairt na Gaeilge ar fud na Gaeltachta.
  • Tá soláthar de €90,000 ceadaithe do réimse gníomhaíochtaí le díriú ar thacaíocht a chur ar fáil d’earnáil na turasóireachta cultúrtha Gaeltachta, ag cur leis an gcompháirtíocht atá bunaithe le comharchumainn agus eagraíochtaí pobail agus turasóireachta eile agus le freastal ar thograí a chuideoidh le forbairt na turasóireachta sa nGaeltacht.
  • Ceadaíodh soláthar de €58,000, méadú de €8,000, don Scéim Fiontar Pobail chun cabhrú le coistí/eagraíochtaí pobail íoc as costais a bhaineann le tionscnaimh bheaga pobail a fhorbairt, taighde a dhéanamh nó trealamh riachtanach a cheannach.
  • Ceadaíodh soláthar de €35,000 mar chiste tacaíochta don ghréasán gteic le cuidiú leis na gréasáin dhigiteacha a fhorbairt, i gcomhpháirt le comharchumainn agus eagrais phobalbhunaithe, i gceantair ina mbeadh sé dúshlánach na costais socrúcháin agus reáchtála a chlúdach.

 

Deontais Reáchtála na nEagras Forbartha Pobail

Cuireann Údarás na Gaeltachta maoiniú reáchtála ar fáil do 33 eagras pobail, idir chomharchumainn agus comhlachtaí pobalbhunaithe, chun cur ar a gcumas tabhairt faoi chlár forbartha pobail ina gceantar feidhme atá dírithe ar riachtanais an phobail áitiúil. Tá na Comharchumainn Ghaeltachta mar chuid lárnach de dhúshraith forbartha na Gaeltachta agus ról lárnach acu i gcur i bhfeidhm aidhmeanna agus cuspóirí ‘Phlean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018-2020’ agus an ‘Plean Gníomhaíochtaí don Ghaeilge 2018-2022’. Tá ról lárnach acu i bhfeidhmiú na bPleananna Teanga ina gceantair éagsúla chomh maith le tacú le forbairt ghréasán gteic, cur chun cinn tograí turasóireachta cultúrtha agus beifear ag breathnú ar na féidearthachtaí do chomharchumainn maidir le hearnáil an fhuinnimh in-athnuaite, i measc tosaíochtaí eile.

Tá soláthar de €2,371,000 ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta do dheontais reáchtála na neagrais phobail do 2020. Foilseofar sonraí ar mhaoiniú na n-eagras aonair in am trátha.

Tograí Speisialta

Soláthar d’Fheidhmiú Pleananna Gníomhaíochta

Tá soláthar speisialta san áireamh do 2020 d’eagrais atá ag plé le cur i bhfeidhm plean gníomhaíochta a foilsíodh ina gceantair i rith 2019 in Uíbh Ráthach, Gaeltacht na Mí agus Iorras Aithneach. Tá €20,000 ceadaithe chun tacú le feidhmiú Plean Gníomhaíochta Forbartha 5 Bhliana d’Iorras Aithneach agus tá €30,000 ceadaithe chun tacú le Plean Fhóram Fiontraíochta na Mí a foilsíodh i rith na seachtaine. Tá maoiniú breise á mholadh freisin chun tacú le duine a fhostú le tabhairt faoin gclár oibre atá ag éirí as tuairisc Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh i gcomhair le maoiniú atá ceadaithe faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe don ról.

 

Seirbhísí Meantóireachta agus Comhairleoireachta.

Mar thoradh ar an suirbhé agus an seisiún eolais a eagraíodh leis na heagrais fhorbartha i mí Mheán Fómhair, léiríodh go raibh gá le tacaíocht bhreise i réimsí ar leith chun cuidiú leis na heagrais a gcuid oibre a dhéanamh agus cur lean gcuid gníomhaíochtaí. Na tacaíochtaí is mó a ardaíodh ná seirbhísí comhairleoireachta agus meantóireachta i réimsí an airgeadais, acmhainní daonna agus margaíochta.

Ag freagairt d’éilimh na nEagras Forbartha tá sé i gceist go mbeadh seirbhísí meantóireachta/comhairleoireachta ar fáil do na heagrais fhorbartha, de réir mar a theastaíonn sé trasna réimsí éagsúla gnó le bheith ar fáil. Meastar go rachadh an tacaíocht seo go mór chun leasa feidhmiú na n-eagras forbartha agus thabharfadh sé tacaíocht dóibh a gcuid gníomhaíochtaí a fhás agus a fhorbairt.  Beidh teacht ag chuile eagras ar na seirbhísí seo agus mar thoradh air seo, ba chóir go laghdófaí costais dhíreacha na n-eagras féin. Tá buiséad de €65,000 ceadaithe chun an tseirbhís seo a chur ar fáil do na heagrais fhorbartha do 2020. 

 

An Ciste Forbartha Pobail, Forbartha Teanga & Eagraíochtaí Forbartha Pobail 2020

2020
Soláthar
Comhar Naíonraí na Gaeltachta CTR 535,000
Muintearas CTR 640,000
Ealaín (na Gaeltachta) CTR 365,000
Clár um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDP) 140,000
Imeachtaí agus Gníomhaíochtaí Buanaithe Teanga 106,000
Forbairt ar Thurasóireacht Chultúrtha 90,000
Soláthar do bhunú gréasán gteic 35,000
An Scéim Fiontar Pobail 58,000
Deontas Reáchtála na nEagras Pobail 2,456,000
Iomlán €4,425,000