Tá Tuarascáil Scóipe maidir leis na Measúnaithe Tionchair Timpeallachta atá le déanamh ar fhorbairt Pháirc na Mara foilsithe don phobal ag Údarás na Gaeltachta chun an deis is luaithe a thabhairt don phobal an tuarascáil a scrúdú agus tuairimí a thabhairt air. Is é an Tuarascáil Scóipe an chéad chéim in ullmhú na Tuarascála ar an Measúnacht Tionchair Timpeallachta do thionscnamh Pháirc na Mara a bheidh mar chuid lárnach den iarratas pleanála don togra.
Tugann an Tuarascáil Scóipe achoimre ar na príomhcheisteanna a dtabharfar aghaidh orthu agus an Tuarascáil ar an Measúnacht Tionchair Timpeallachta a réiteach. Tá sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta iarratas pleanála don togra, a chuimseoidh an Tuarascáil ar an Measúnacht Tionchair Timpeallachta agus an Ráiteas Tionchair Natura a chur isteach sa chéad ráithe de 2020.
Tá deis ag daoine aonair, eagraíochtaí agus an pobal fré chéile aon ábhair ábhartha go measann siad ar chóir machnamh a dhéanamh ar a chur san áireamh agus an Tuarascáil ar an Measúnacht Tionchair Timpeallachta á réiteach a chur isteach chuig paircnamara@udaras.ie roimh 4in ar an 20/12/2019.
Is féidir cóip den Tuairisc Scóipe a íoslódáil anseo: