Tuarascáil Scóipe ar Thuairisc Measúnacht Tionchair Timpeallachta do thogra Pháirc na Mara

26 November, 2019

min read

Tá Tuarascáil Scóipe maidir leis na Measúnaithe Tionchair Timpeallachta atá le déanamh ar fhorbairt Pháirc na Mara foilsithe don phobal ag Údarás na Gaeltachta chun an deis is luaithe a thabhairt don phobal an tuarascáil a scrúdú agus tuairimí a thabhairt air. Is é an Tuarascáil Scóipe an chéad chéim in ullmhú na Tuarascála ar an Measúnacht Tionchair Timpeallachta do thionscnamh Pháirc na Mara a bheidh mar chuid lárnach den iarratas pleanála don togra.

Tugann an Tuarascáil Scóipe achoimre ar na príomhcheisteanna a dtabharfar aghaidh orthu agus an Tuarascáil ar an Measúnacht Tionchair Timpeallachta a réiteach. Tá sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta iarratas pleanála don togra, a chuimseoidh an Tuarascáil ar an Measúnacht Tionchair Timpeallachta agus an Ráiteas Tionchair Natura a chur isteach sa chéad ráithe de 2020.

Tabhair do Thuairim

Tá deis ag daoine aonair, eagraíochtaí agus an pobal fré chéile aon ábhair ábhartha go measann siad ar chóir machnamh a dhéanamh ar a chur san áireamh agus an Tuarascáil ar an Measúnacht Tionchair Timpeallachta á réiteach a chur isteach chuig paircnamara@udaras.ie roimh 4in ar an 20/12/2019.
Is féidir cóip den Tuairisc Scóipe a íoslódáil anseo: