Buiséad de €4.225m ceadaithe don Fhorbairt Pobail, Teanga & Eagraíochtaí Forbartha Pobail do 2019

1 Márta, 2019

nóiméad léite

Tá buiséad iomlán de €4.225m ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta chun maoiniú a dhéanamh ar fheidhmiú Chlár Forbartha Pobail agus Teanga na heagraíochta do 2019. San áireamh sa gclár seo bíonn soláthar maoinithe bhliantúil fhochuideachtaí na heagraíochta Muintearas CTR, Ealaín (na Gaeltachta) CTR agus Comhar Naíonraí na Gaeltachta CTR chomh maith le deontais reáchtála na n-eagraíochtaí forbartha pobail.

Tá méadú de €530,000 tagtha ar an mbuiséad atá á chur ar fáil don chlár seo do 2019. Cuireann an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta soláthar bhliantúil ar fáil don Chlár Forbartha Pobail agus Teanga agus tá soláthar de €3.85 milliún ar fáil do 2019 faoin bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022. Cuireann an tÚdarás an fuílleach den bhuiséad ar fáil, €375,000, as a chistí féin.

Buiséid Bhliantúil Fhochuideachtaí Údarás na Gaeltachta
Tá soláthar de €1.522m ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta do fhochuideachtaí na heagraíochta lena gcláir oibre bhliantúla a chur i bhfeidhm i 2019.

  • Ceadaíodh €535,000 do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta chun seirbhísí bainistíochta agus riaracháin a chur ar fáil do na seirbhísí luathbhlianta Gaeltachta atá ag feidhmiú trí Ghaeilge sa Ghaeltacht.
  • Ceadaíodh €630,000 do Mhuintearas CTR chun tograí oiliúna, oideachais, óige agus luathoideachais a chur chun cinn, agus chun Scéim na gCampaí Samhraidh a riaradh. Léiríonn sé seo méadú de €25,000 ar bhuiséad 2018.
  • Ceadaíodh €357,000 d’Ealaín (na Gaeltachta) CTR chun clár cuimsitheach ealaíne a fheidhmiú sa Ghaeltacht ag áireamh seirbhísí agus scéimeanna deontais, a thacaíonn le forbairt eagraíochtaí ealaíon agus le healaíontóirí aonair sa Ghaeltacht. Léiríonn sé seo méadú de €15,000 ar bhuiséad 2018. Tá cómhaoiniú de €342,000 á chur ar fáil ag an Chomhairle Ealaíon arís i 2019 freisin.

Buiséid Forbartha Pobail agus Teanga
Tá soláthar de €427,000, a léiríonn méadú de €52,000, ceadaithe do scéimeanna éagsúla a chuireann cúrsaí forbartha pobail, teanga agus turasóireachta chun cinn.

  • Ceadaíodh soláthar airgid de €140,000 don gClár um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDP) do dhá eagraíocht faoin scéim seo – Pobal le Chéile CDP CTR atá lonnaithe ar an Fhál Carrach, Co. Dhún na nGall agus CDP na Rosann CTR, An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall.
  • Ceadaíodh soláthar de €102,000 do réimse tacaíochtaí a chuireann an tÚdarás ar fáil d’imeachtaí agus do ghníomhaíochtaí teanga atá dírithe ar bhuanú, ar chur chun cinn agus ar fhorbairt na Gaeilge ar fud na Gaeltachta.
  • Tá soláthar de €100,000 ceadaithe do réimse gníomhaíochtaí le díriú ar thacaíocht a chur ar fáil don earnáil turasóireacht chultúrtha Gaeltachta, ag cur leis an bpáirtnéireacht atá bunaithe le comharchumainn agus eagraíochtaí pobail agus turasóireachta eile agus le freastal ar thograí a chuideoidh le forbairt na turasóireachta sa Ghaeltacht.
  • Ceadaíodh soláthar de €50,000, méadú de €2,000, don Scéim Fiontar Pobail chun cabhrú le coistí/eagraíochtaí pobail íoc as costais a bhaineann le tionscnaimh bheaga pobail a fhorbairt, taighde a dhéanamh nó trealamh riachtanach a cheannach.
  • Ceadaíodh soláthar nua de €35,000 mar chiste tacaíochta don ngréasán gteic le cuidiú leis na gréasáin dhigiteacha a fhorbairt, i gcomhpháirt le comharchumainn agus eagrais pobalbhunaithe, i gceantair ina mbeidh sé dúshlánach na costais socrúcháin agus reáchtála a chlúdach.

Deontais Reachtála na nEagrais Forbartha Pobail
Cuireann Údarás na Gaeltachta maoiniú reáchtála ar fáil do 32 eagras pobail, idir chomharchumainn agus chomhlachtaí pobalbhunaithe, chun cur ar a gcumas tabhairt faoi chlár forbartha pobail ina gceantar feidhme atá dírithe ar riachtanais an phobail áitiúil. Tá na Comharchumainn Ghaeltachta mar lárchuid de dhúshraith forbartha na Gaeltachta agus ról lárnach acu i gcur i bhfeidhm aidhmeanna agus cuspóirí ‘Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018-2020’ agus an ‘Phlean Gníomhaíochtaí don Ghaeilge 2018-2022’. Tá ról lárnach acu i bhfeidhmiú na bpleananna Teanga ina gceantair éagsúla chomh maith le tacú le forbairt ghréasán gteic, cur chun cinn tograí turasóireachta chultúrtha agus beifear ag breathnú ar na féidearthachtaí do chomharchumainn in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite, i measc tosaíochtaí eile.

Tá soláthar iomlán de €2,276,000 ceadaithe do na heagrais pobail do 2019 a léiríonn méadú de €438,000 ó 2018. Tá méadú buiséid i gceist do gach eagras i 2019 agus tá an soláthar do gach eagras bunaithe ar chlár oibre agus gníomhaíochtaí faoi leith atá agus a bheidh idir lámha ag na heagrais. Cuireadh na méadaithe buiséid i bhfeidhm de réir critéir sonrach ag brath ar chúinsí agus rannpháirtíocht na n-eagras i ngníomhaíochtaí mar seo leanas:

  • Freagrach as ullmhú/feidhmiú pleananna teanga
  • Ag cur scéim pinsin a chur ar fáil do na bainisteoirí
  • Eagras ar Oileán
  • Forbairt ar Thograí Nua
  • Clár Oibre agus Acmhainn Foirne Lánaimseartha a éascú

Fanad
I 2018 ceadaíodh soláthar le tacú le heagras pobail nua a bhunú le freastal ar cheantar na Gaeltachta Láir i dTír Chonaill agus bunaíodh an comhlacht Forbairt Eachla CTR.
Tá soláthar de €40,000 ceadaithe anois freisin le tabhairt faoi chéimeanna le heagraíocht forbartha pobail nua a bhunú i bhFánaid agus beidh céimeanna á dtógáil chuige sin in 2019.

Tograí Speisialta
Mar chuid de dheontais reáchtála na neagrais forbartha pobail i 2019 tá soláthar déanta do dhá thogra speisialta mar seo leanas chomh maith.

a) *Comharchumann Sliogéisc Chonamara Teo. (C.S.C. Teo.)
Le roinnt míonna anuas tá athstruchtúrú iomlán déanta ar C.S.C. Teo. agus tá coiste nua tofa le tacaíocht iomlán ó bhaill an Chomharchumainn. Tá plean forbartha curtha le chéile chun sástachta na mbaill agus tá gá le bainisteoir/ Oifigeach Forbartha a fhostú le cuidiú leis an gComharchumann a phleananna forbartha a chur i bhfeidhm. Tá deontas reáchtála €35,000 ceadaithe don gcomharchumann pobail seo atá ag tabhairt deis d’iascairí agus d’fheirmeoirí beaga atá lonnaithe i gceantar tearcfhorbartha breis airgid a shaothrú agus bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar an acmhainn luachmhar seo. Tá forbairt acmhainní mara aitheanta mar chuid lárnach de straitéis forbartha Údarás na Gaeltachta. Sa gcomhthéacs seo beifear ag díriú ar fhorbairt na hacmhainne sliogéisc i gcuan Chill Chiaráin mar chuid thábhachtach agus luachmhar den acmhainn sin.

b) **Comhchoiste Ghaeltachtaí Chiarraí Theas CTR
Anuas ar an soláthar breise atá ar fáil do Chomhchoiste Ghaeltachtaí Chiarraí Theas CTR faoi na critéir thuasluaite, tá maoiniú breise ceadaithe don eagras le tacú le Bainisteoir Tionscnaimh a fhostú le tabhairt faoin chlár oibre atá ag éirí as tuairisc Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh agus mar pháirt mhaoiniú ar an dtacaíocht a ceadaíodh le gairid faoin gCiste um Athghiniúint Réigiúnach.

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ‘Cúis ríméid dúinn a bheith in ann Clár Forbartha Pobail agus Teanga a fhógairt a bhfuil infheistíocht d’os cionn €4.2m i gceist leis ar fud na Gaeltachta agus atá á chistiú go príomha a bhuíochas don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta faoin bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022. Is mór an tionchar atá ag fochuideachtaí an Údaráis agus ag na hEagrais Forbartha Pobail ar shaol na Gaeltachta fré chéile agus tá ról lárnach acu i bhforbairt shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta. Déanann an maoiniú seo buanú agus doimhniú ar an bpáirtnéireacht atá againn leis na hEagrais Forbartha Pobail i bhforbairt leanúnach na Gaeltachta.
Tá na heagrais dírithe anois ar fhreastal ar infreastruchtúr nua-aimseartha ar nós áiseanna do chúram leanaí, páirceanna spraoi, ionaid teacht le chéile don óige, ionaid lae don aosach, caighdeán maith leathanbhanda, córais nua-aimseartha eisilte agus infreastruchtúr eile atá in easnamh sa phobal. Tá fostaíocht shuntasach cruthaithe acu ó bunaíodh iad agus tá gníomhaíochtaí breise glactha ar láimh ag roinnt mhaith acu le roinnt blianta anuas. Tá go leor acu ag plé le scéimeanna fostaíochta pobail, tá 20 eagras freagrach as pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú agus tá 11 eagras a bhfuil nó an mbeidh forbairt ar aonaid gteic faoina gcúram. Tá 57 duine fostaithe ar bhunús lánaimseartha, 24 páirtaimseartha agus duine amháin go séasúrach sna heagrais a léiríonn ardú de 3 phost lánaimseartha agus 3 phost pháirtaimseartha ó 2018.”

Críoch

Eolas breise:

An Ciste Forbartha Pobail, Forbartha Teanga & Eagraíochtaí Forbartha Pobail 2019

WordPress › Error

There has been a critical error on this website.

Learn more about troubleshooting WordPress.