Gradam Lóchrann Údarás na Gaeltachta le bronnadh ar an gcraoltóir clúiteach Micheál Ó Muircheartaigh

1 Meitheamh, 2017

nóiméad léite

Micheál Ó Muircheartaigh, buaiteoir an ghradaim Lóchrann de chuid Údarás na Gaeltachta, i bPáirc an Chrócaigh

Aitheantas Náisiúnta d’Fhear Uasal Dhún Síon as ucht a bhfuil déanta aige do chúrsaí spóirt, Gaeilge agus Gaeltachta.

Is ar an gcraoltóir clúiteach Micheál Ó Muircheartaigh a bhronnfar Gradam ardmheasa ‘Lóchrann’ Údarás na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2017. Is ag fear uasal Dhún Síon atá ceann de na glórtha is aitheanta i gcúrsaí spóirt ar fud na tíre tar éis blianta fada i mbun tráchtaireachta ar na cluichí Gaelacha agus ar Chomórtas Peile na Gaeltachta. Tá an t-aitheantas speisialta seo á bhronnadh air de bharr a thacaíocht as cuimse do na cluichí Gaelacha, do Chomórtas Peile na Gaeltachta, don Ghaeilge agus don chultúr Gaeltachta as ar fáisceadh é i gCorca Dhuibhne.

Buan ghradam atá i Lóchrann a bhronntar go bliantúil ar aíonna mar aitheantais dá bhfuil bainte amach acu ó thaobh cúrsaí spóirt a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Is é an t-ealaíontóir iomráiteach as Conamara, Pádraic Reaney a dhear agus a rinne an gradam. Coiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta a roghnaíonn an t-aoi ar a mbronnfar an gradam bliantúil seo atá urraithe ag Údarás na Gaeltachta.

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta “Cúis áthais agus bróid dúinn a bheith ag déanamh urraíochta ar an ngradam seo agus a bheith á bhronnadh ar cheann de laochra móra na Gaeltachta agus na tíre, ár gcara dílis, Micheál Ó Muircheartaigh. Tá ríméad orainn go bhfuil sé roghnaithe ag Coiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta chun an t-aitheantas speisialta seo a fháil i bhfianaise a mhéid atá déanta aige chun an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na cluichí Gaelacha a chur chun cinn ar fud na tíre agus ar fud an domhain go deimhin. Tá lúcháir ar Údarás na Gaeltachta arís i mbliana urraíocht a dhéanamh ar Chomórtas Peile na Gaeltachta mar a rinneamar ó bhliain a bhunaithe siar sna seascaidí.”

Is i dTuar Mhic Éadaigh i gContae Mhaigh Eo atá Comórtas Peile na Gaeltachta 2017 á reáchtáil an deireadh seachtaine seo. Uachtarán an CLG Aogán Ó Fearghaíl a dhéanfaidh an comórtas a oscailt go hoifigiúil ar an Aoine agus beidh sé i láthair go dtí an Luan nuair a ardófar an Chraobh Shóisir agus Shinsir. Beidh foirne ó gach coirnéal de na Gaeltachtaí ag tabhairt aghaidh ar a chéile i rith deireadh seachtaine na Cincíse ó Chontaetha Phort Láirge, Chorcaí, Chiarraí, Na Mí, Gaillimh, Maigh Eo, Dún na nGall agus foirne lánghaeilge as Baile Átha Cliath, Béal Feiriste agus Londain. Beidh réimse leathan imeachtaí cultúrtha mar dhlúth chuid d’imeachtaí an Chomórtais Pheile chomh maith agus táthar ag súil leis na mílte cuairteoir ar cheantar Dhúiche Sheoigheach.