An Ghaeltacht i lár an ‘Oval Office’ ar Lá Fhéile Pádraig

16 Márta, 2017

nóiméad léite

Éamonn Turraoin, Criostal na Rinne, cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta, agus an babhla criostail leis a bhronn an Taoiseach, Enda Kenny, T.D., ar Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump

Seamróg ó Bhaile an Sceilg i gCiarraí agus Criostal ón Rinn i bPort Láirge á mbronnadh ag an Taoiseach Enda Kenny ar an Uachtarán Donald J. Trump

Beidh táirgí Gaeltachta ó dhá chliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta i lár an aonaigh san oifig is cumhachtaí ar domhan sa Teach Bán i Washington, Déardaoin seo chugainn (16 Márta 2017) nuair a dhéanfaidh an Taoiseach Enda Kenny an bronnadh traidisiúnta de bhabhla criostail agus seamróg ar Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald J. Trump.

Is i mBaile an Sceilg in iarthar Chontae Chiarraí a d’fhás an seamróg a bheidh á bhronnadh ag an Taoiseach do Lá Fhéile Pádraig a bhuíochas do chliantchomhlacht an Údaráis – I.P.I. Teo. Tá I.P.I Teo. ag soláthar seamróg don Teach Bán ó thréimhse an Iar Uachtaráin Bill Clinton sna 1990aidí i leith. Cé go ndéantar an díolachán óna gcuid oifigí in Ath Luain san Iarmhí is in Uíbh Ráthach a fhástar an ‘t-ór glas’ seo cé nach bhfuil aon bhaint ag cré thorthúil na ríochta lena rathúlacht. Is i nglóthach uisce agus ní i gcré a fhástar na seamróga a chiallaíonn go maireann siad níos faide. De bharr an phróiseas seo beidh dol den seamróg, a d’fhás sna tithe gloine i mBaile an Sceilg, á bhronnadh ar Arm na hÉireann atá ar mhisin na Náisiún Aontaithe thar lear agus ar Ambasáidí na hÉireann ar fud an domhain chomh maith.

Ag leanacht do thraidisiún a thosaigh i 1952, bronnfar an seamróg i mbabhla criostal atá deartha agus déanta i nGaeltacht na Rinne i gContae Phort Láirge. Is cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta, Criostal na Rinne, atá lonnaithe i nGaeltacht Phort Láirge ó 1987, a roghnaigh Oifig an Taoisigh i mbliana chun babhla criostail a dhéanamh agus is é Eamonn Terry, úinéir Chriostal na Rinne, a dhear agus a ghearr an babhla de láimh. Tá dearadh an bhabhla bunaithe ar Leabhar Cheanannais. D’fhoghlaim Eamonn Terry a cheird sa chomhlacht Waterford Crystal agus faoin am a bhunaigh sé a chomhlacht féin i 1987 bhí sé ina mháistircheardaí. Tá píosaí criostail coimisiúnaithe déanta cheana féin ag Eamonn Terry d’Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, don iar-Uachtarán Máire Mhic Giolla Íosa agus do Richard Daly, iar-Mhéara Chicago.

Deir Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Tá Údarás na Gaeltachta ag cur táirgí, comhlachtaí agus pobail na Gaeltachta chun cinn le blianta fada agus is breá an rud aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta a bheith á fháil ag dhá chliant dár gcuid. Tá súil agam go rachaidh sé chun tairbhe dóibh agus léiríonn sé an dul chun cinn gur féidir le comhlachtaí a dhéanamh le comhoibriú agus tacaíocht Údarás na Gaeltachta.