Proxy Biomedical Ltd, An Spidéal le forbairt €3.5 milliún a dhéanamh agus 35 post nua a chruthú

18 Iúil, 2016

nóiméad léite

D’fhógair Proxy Biomedical Ltd inniu (18 Iúil) go bhfuil siad ag tabhairt faoi fhorbairt shuntasach ar an láthair atá acu ar An Spidéal, Co. na Gaillimhe le hinfheistíocht de €3.5 milliún. Tá Údarás na Gaeltachta ag tacú leis an fhorbairt agus cruthófar 35 post nua dá bharr.

Déanann Proxy Biomedical Ltd táirgí leighis a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh ar son cuid de na déantóirí feistí leighis is mó le rá ar fud an domhain. Thosaigh an comhlacht amach ag soláthar feistí leighis do mhaidhm sheicne do mhargadh na máinliachta ginearálta.

Tar éis infheistíocht suntasach a dhéanamh i taighde agus forbairt agus i dteicneolaíocht próiseála nuálach, tá táirgí agus margaí nua forbartha ag Proxy Biomedical anois. Dearann agus táirgeann an comhlacht réimse clúdaigh agus teicstílí bithábhair do ionchlannáin soithíoch, chomh maith le réitigh clannáin láidre ionsúite agus teicstílí do leigheas ortaipéidic agus spóirt. Tá an comhlacht anois ag leathnú na háise déantúsaíochta íonghlan ISO 8/100,000 agus ag forbairt áiseanna breise taighde agus forbartha ar an láthair atá aige ar an Spidéal chun éileamh a shásamh agus na teicneolaíochta agus seirbhísí atá riachtanach a chur san áireamh.

Ag cur fáilte roimh an fhógra dúirt an tAire Stáit Gaeltachta, Seán Kyne TD, “Seo dea-scéala don cheantar. Cuirfidh an leathnú seo postanna ar fáil do dhaoine sároilte i nGaeltacht na Gaillimhe agus an comhlacht ag ardú an líon lucht oibre atá acu go dtí 75 sa dá bhliain atá amach romhainn.”

Dúirt Peter Mulrooney, Príomhfheidhmeannach Proxy Biomedical, “Tacóidh an fhorbairt nua le fás leanúnach agus tionscnaimh fhorbartha straitéiseacha an chomhlachta agus muid ag leanúint de leathnú a phunann teicneolaíochta chun éileamh a shásamh agus réitithe nuálacha a chur ar fáil dár bpríomhmhargaí.”

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Tá muid ag obair leis an gcomhlacht ó 2008 nuair a athlonnaigh siad chuig foirgneamh de chuid an Údaráis ar An Spidéal. Ó shin, tá dúbailt déanta ar líon na bhfostaithe sa chomhlacht, tá infheistíocht mhór déanta i dtaighde, agus tá forbairt déanta ar phunann nuálach réitithe. Is comhlacht sofaisticiúil agus ardteicneolaíoch é seo atá ag freastal ar mhargadh domhanda feistí leighis. Tá lúcháir orainn a bheith ábalta tacú leis an chéad chéim eile de phlean forbartha Proxy Biomedical agus cuireann muid fáilte roimh an fhostaíocht bhreise a chuirfear ar fáil sa cheantar dá bharr.”

Tá Proxy Biomedical ag earcú i láthair na huaire do phostanna sna réimsí innealtóireacht dhéantúsaíochta, innealtóireacht bhithábhair, rialú cáilíochta agus rialálú, chomh maith le hoibrithe táirgiúlachta.