Ciste dírithe ar imeachtaí comórtha 1916 fógartha

1 Meán Fómhair, 2015

nóiméad léite

Tá Údarás na Gaeltachta ag lorg iarratais ó dhaoine, ó choistí agus ó ghrúpaí ar suim leo imeachtaí agus gníomhaíochtaí Gaeilge a eagrú agus a chur i láthair sa Ghaeltacht dírithe ar cheiliúradh ar Éirí Amach 1916. Tá sé mar aidhm ag Ciste Ceiliúrtha 2016 réimse imeachtaí a spreagadh a bheadh ar siúl le linn na bliana 2016 agus a bheadh ag teacht le príomhthéamaí Chlár Éire 2016 – Cuimhneamh, Athmhuintearas, Láithriú, Samhlú agus Ceiliúradh.
Is é 30 Meán Fómhair 2015 an spriocdháta d’iarratais.

Tuilleadh eolais le fáil ó https://www.udaras.ie/ciste2016