Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh chinneadh an Rialtais i leith Randox Teo, An Clochán Liath, Contae Dhún na nGall

7 Iúil, 2015

nóiméad léite

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh fhógra an Aire Stáit Joe Mc Hugh, T.D. inniu (an 7 Iúil) go bhfuil plean Údarás na Gaeltachta chun €5 milliún de chúnamh deontais Taighde agus Forbartha a infheistiú i Randox Teo ceadaithe. Tá sé i gceist ag Randox Teo, mar chuid de straitéis na comhlachta Dungloe 2020, an áis ar an gClochán Liath a fhorbairt mar ionad bharrfheabhais taighde agus forbartha le haghaidh teicneolaíochta bithshlise agus trealamh diagnóisice a tháirgiú. Cuirfidh an infheistíocht seo, thar thréimhse 5 bliana, ar a gcumas é sin a bhaint amach.

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta go bhfáiltíonn sé roimh chinneadh dearfach an Rialtais ag cruinniú Rialtais an lae inniu an infheistíocht shuntasach seo a dhéanamh i nGaeltacht Dhún na nGall. “Tugann an cinneadh seo chuile dheis don réigiún tabhairt faoi phróiseas athfhorbartha sa réigiún. Tá buíochas ag dul do go leor daoine a bhí páirteach sa tionscnamh seo le fada, ach go háirithe don Dr Peter Fitzgerald agus a fhoireann ó Randox atá sásta an infheistíocht seo agus a gcuid ard scileanna táirgíochta a thabhairt chuig ceantar na Rosann.”

Bunaíodh Randox Teo sa bhliain 2008 ar an gClochán Liath. Tá 85 duine fostaithe ag an gcomhlacht faoi láthair. Tá Randox Teo mar chuid den ghrúpa domhanda, Randox Holdings Ltd., atá ar an 20 comhlacht is fearr diagnóisice bithcheimice ar domhan agus is branda domhanda é a bhfuil a tháirgí ar díol aige in níos mó ná 145 tír.