Comhdháil ar threochtaí san earnáil closamhairc agus meáin dhigiteach i nGaillimh

11 Samhain, 2013

nóiméad léite

Tá Údarás na Gaeltachta i gcomhar le Gréasán na Meán Skillnet ag eagrú comhdháil atá dírithe ar fhorbairtí agus treochtaí san earnáil closamhairc agus meáin dhigiteach. Beidh an comhdháil dar teideal An Ré Dhigiteach & An Todhchaí ar siúl in Óstán Chósta Chonamara ar an 21 Samhain. I measc na n-ábhar a bheidh á bplé, beidh treochtaí na meán chraolta don todhchaí, cad atá i ndán don mhúnla craoltóireachta reatha agus do léiritheoirí Éireannacha, agus na dúshláin atá le bheith ag obair i mionteanga. Beidh cainteoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta i láthair, i measc na gcainteoirí beidh Glen Killane, RTÉ, Alan Esslemont, BBC Alba, Dafydd Rhys, S4C, Jeff Ford, TV3, Michéal Ó Meallaigh, TG4 agus Damien Mulley, Mulley Communications.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Steve Ó Cúláin, “Tá ríméad orainn a bheith páirteach in eagrú na comhdhála seo i gcomhar le Gréasán na Meán Skillnet. Tá ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta i bhforbairt na hearnála closamhairc le 25 bliain anuas agus cuireann an earnáil seo fostaíocht thábhachtach ar fáil, le os cionn 350 duine fostaithe go lánaimseartha ar fud na Gaeltachta. Díríonn téamaí na comhdhála seo ar thodhchaí na hearnála agus déanfar céimeanna forbartha agus deiseanna idirnáisiúnta a fhiosrú. Tá súil againn foghlaim óna saineolaithe atá ag glacadh páirte sa chomhdháil ionas gur féidir linn a mianta a shníomh isteach go dlúth i straitéis forbartha an Údaráis don todhchaí.”

Dúirt Christine Ní Choncubhair, Bainisteoir, Gréasán na Meán Skillnet gur deis é an seimineár/gcomhdháil seo d’aon duine atá ag obair san earnáil closamhairc eolas a fháil faoi threochtaí idirnáisiúnta na hearnála. “Tá caighdeán ard cainteoirí againn ó chomhlachtaí agus eagraíochtaí craoltóireachta chomh maith le comhlachtaí léiriúcháin agus tá taithí na mblianta acu ag obair agus ag plé réimse leathan d’ábhar in earnáil na meán go hidirnáisiúnta.”

Cliceáil thíos do chlár an chomhdháil a íoslódáil;