Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga á sholáthar le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta

26 Iúil, 2013

nóiméad léite

Beidh Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga á reáchtáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag tosú i lár mhí Mheán Fómhair 2013. Tá an cúrsa seo á chur ar fáil i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta le tacú le forbairt na pleanála teanga sa Ghaeltacht. Is í aidhm an chúrsa nó deis a thabhairt do rannpháirtithe eolas agus oiliúint fheidhmeach a fháil ar straitéisí buanaithe teanga agus leas-chleachtais na pleanála teanga.

Bheadh an cúrsa seo oiriúnach do dhaoine atá ag obair in earnáil na forbartha teanga nó pobail sa Ghaeltacht nó in earnáil na Gaeilge go náisiúnta chomh maith le daoine eile a bhfuil speis acu san ábhar.