Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh scéim bhreise TÚS do Ghaeltacht Dhún na nGall

12 Feabhra, 2013

nóiméad léite

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte roimh chinneadh na Roinne Coimirce Sóisialaí scéim bhreise TÚS a chur ar fáil sa Ghaeltacht. Cuireann an Scéim TÚS deiseanna gearrthéarmacha oiriúnacha oibre ar fáil dóibh siúd atá dífhostaithe agus beidh 20 áit ar fáil ar an scéim seo. Beidh an scéim seo á chur ar fáil i nGaeltacht Dhún na nGall, áit a bhfuil dhá scéim TÚS ag feidhmiú cheana féin. Is é An Roinn Coimirce Sóisialaí a ainmníonn na daoine le bheith rannpháirteach ar an scéim seo.

Tá gá le maoirseoir a cheapadh le bainistiú a dhéanamh ar an scéim seo agus tá tús curtha le próiseas earcaíochta le post an mhaoirseora a líonadh. Beidh an té a cheapfar fostaithe le maoirseacht a dhéanamh ar an chlár i gceantair Chloich Cheann Fhaola, Na Dúnaibh, Fanaid agus An Tearmann. Beidh sé mar dhualgas air/uirthi an scéim a riar, a chur chun cinn agus maoirseacht a dhéanamh ar rannpháirtithe.

Tá tuilleadh eolais faoin phost seo le fáil thíos;