Os cionn €900,000 de mhaoiniú faighte ag trí chomhlacht closamhairc i nGaeltacht Chonamara

20 Nollaig, 2012

nóiméad léite

Déanann Údarás na Gaeltachta comhghairdeas le trí chliantchomhlacht closamhairc dá chuid atá lonnaithe i nGaeltacht Chonamara, Meangadh Fíbín Teo (Indreabhán), Magamedia Teo (Na Forbacha) agus Sónta Teo (Cill Chiaráin), atá tar éis maoiniú os cionn €900,000 a fháil ó Údarás Craolacháin na hÉireann faoin Scéim Chistíochta Craolacháin, Scéim Fís agus Fuaim II.

Faoin Scéim Chistíochta Craolacháin ceadaíodh:

  • €550,000 do Mheangadh Fíbín Teo le haghaidh ‘Saol faoi Shráid’, sraith drámaíochta puipéadóireachta do pháistí;#
  • €300,000 do Mhagamedia Teo do shraith siamsaíochta ‘Ceolchuairt – Scaipeann an Dúchas’;
  • €56,000 do Sónta Teo le haghaidh ‘The Godfather’, clár faisnéise dhátheangach.

Craolfar an trí thogra amach anseo ar TG4.

Cheadaigh Údarás Craolacháin na hÉireann €4.477 milliún do 19 togra teilifíse agus 84 togra raidió agus baineann €1.3 milliún den chiste iomlán sin le 12 togra Gaeilge/ dhátheangach. Bronnadh €906,000 ar an trí chomhlacht Gaeltachta, 20.2% den chiste iomlán agus 69.7% den chiste Gaeilge/dhátheangach.