Féile Blas Bídh Uíbh Ráthaigh á sheoladh go hoifigiúil amárach

25 Meán Fómhair, 2012

nóiméad léite

Déanfaidh Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., féile Blas Bídh Uíbh Ráthaigh a sheoladh go hoifigiúil ag an gcomórtas Náisiúnta Treabhdóireachta amárach, Dé Céadaoin, 26 Meán Fómhair ag a 12.30 i.n. Beidh an féile ar siúl ó 19 go 21 Deireadh Fómhair 2012.

Tá sé mar aidhm ag Féile Blas Bídh Uíbh Ráthaigh, atá á eagrú ag Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, aird an phobail náisiúnta agus áitiúil a dhíriú ar bhia folláin Uíbh Ráthaigh, ceiliúradh a dhéanamh an an dul chun cinn atá déanta ó thaobh táirgeacht bia sa cheantar le roinnt blianta anuas agus daoine eile sa cheantar a spreagadh le dul i mbun fiontair bhia.

Tá an féile seo á eagrú i mbliana don chéad uair le hardán a tabhairt d’fhiontair bhia sa cheantar, deiseanna forbartha gnó nua a aithint agus a phlé, ceangail agus gréasáin oibre a chothú idir na gnóthaí agus turasóirí agus cuairteoirí a mhealladh chuig an gceantar don deireadh seachtaine.

Tá tacaíocht á fháil ag Féile Blas Bídh Uíbh Ráthaigh ó Údarás na Gaeltachta faoi Scéim na bhFéilte ag a bhfuil sé mar aidhm féilte a fhorbairt agus a chur chun cinn ar fud na Gaeltachta chun cur le heacnamaíocht an cheantair.